An Foras Teanga
Tháinig an Foras Teanga ar an saol ar 2 Nollaig 1999 mar cheann de na 6 chomhlacht forfheidhmithe a bunaíodh nuair a tháinig An tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 i bhfeidhm.
Tá dhá Ghníomhaireacht mar chuid den Fhoras Teanga, i.e.,
- Foras na Gaeilge, a tháinig mar chomharba ar Bhord na Gaeilge agus a bhfuil mar phríomhchúram air an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné den saol ar fud oileán na hÉireann, agus
- Tha Boord o Ulstèr-Scotch (Gníomhaireacht na hUltaise), a bhfuil mar phríomhchúram air teanga agus cultúr na hUltaise a chur chun cinn laistigh de Thuaisceart na hÉireann agus ar fud oileán na hÉireann.
Tá an Foras Teanga freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) agus do na hAirí sna Ranna Urraíochta, i.e., an Roinn seo agus an Roinn Pobal (RP) i dTuaisceart Éireann.
Reachtaíocht
Is é an t-Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 (Uimhir 1 de 1999) an bonn reachtúil do na Forais Fhorfheidhme Trasteorann, an Foras Teanga ina measc. Is féidir teacht ar an bpríomhreachtaíocht sin, mar aon le príomhreachtaíocht agus reachtaíocht thánaisteach ina dhiaidh sin ag an nasc seo a leanas:
http://www.ahg.gov.ie/ga/legislation/an-foras-teanga-legislation/