03/07/15
An Polasaí Oidhreachta Tógtha
Oibríonn an Rannóg seo chun feabhas a chur ar chosaint ár n-oidhreacht thógtha trí rannpháirtíocht le forbairtí reachtaíochta, polasaí agus treorach atá déanta ag an Roinn agus ranna eile, ag údaráis phoiblí agus ag eagraíochtaí eile. Áiríonn sé raon leathan gníomhaíochtaí, cosúil le déanamh breithnithe ar dhréachtionstraimí reachtúla, athbhreithnithe ar reachtaíocht agus ar pholasaí, comhordú le ranna agus le húdaráis áitiúla eile ar a gcuid oibre, agus ionadaíocht ar choistí a bhfuil cosaint na hoidhreachta tógtha mar aidhm acu.
