Treoraí Maoirseachta Buan / Treoraí Buan do Chuairteoirí i bPáirc Náisiúnta Chill Airne
Tá Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ag lorg iarrthóirí atá cáilithe go cuí chun na folúntais seo a leanas a líonadh i bPáirc Náisiúnta Chill Airne:
- Treoraí Maoirseachta Buan (ráta tuarastail €685.53 (ráta RPP)/€652.93 (ráta RNP) in aghaidh na seachtaine roimh cháin)
- Treoraí Buan do Chuairteoirí (ráta tuarastail €438.46 (ráta RPP)/€408.38 (ráta RNP) in aghaidh na seachtaine roimh cháin)
Is ceapacháin bhuana iad seo agus beidh siad lonnaithe i bPáirc Náisiúnta Chill Airne, Co. Chiarraí. Bíonn ar an bhfoireann oibriú 39 n-uair an chloig sa tseachtain, sin cúig lá thar thréimhse seacht lá a bhféadfadh laethanta deireadh seachtaine agus laethanta saoire bainc a bheith san áireamh iontu.
Féadfar an ráta luach saothair a shocrú ó am go ham de réir pholasaí pá an Rialtais. Beidh ráta difriúil i bhfeidhm sa chás gur státseirbhíseach nó fostaí sa tseirbhís phoiblí é an ceapaí a earcaíodh roimh an 6 Aibreán 1995 agus nach n-éilítear air nó uirthi Ranníocaíocht Phearsanta Pinsin a dhéanamh. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach, le do thoil, ar na naisc thíos.
Roghnófar ceapaí trí agallamh iomaíoch. D'fhéadfadh sé tarlú freisin go gcuirfí painéal d'iarrthóirí oiriúnacha i dtoll a chéile dá dtiocfadh folúntais bhreise chun cinn amach anseo.
Cur Síos ar an bPost Treoraí Maoirseachta Buan i bPáirc Náisiúnta Chill Airne
Sonraí an Duine Treoraí Maoirseachta Buan i bPáirc Náisiúnta Chill Airne
Foirm Iarratais Treoraí Maoirseachta Buan i bPáirc Náisiúnta Chill Airne
Nótáil, le do thoil, go bhfuil taithí maoirseachta roimhe seo riachtanach don ról seo.
Cur Síos ar an bPost Treoraí Buan do Chuairteoirí i bPáirc Náisiúnta Chill Airne
Sonraí an Duine Treoraí Buan do Chuairteoirí i bPáirc Náisiúnta Chill Airne
Foirm Iarratais Treoraí Buan do Chuairteoirí i bPáirc Náisiúnta Chill Airne
Nótáil, le do thoil, go bhfuil taithí roimhe seo ar obair mar threoraí turais riachtanach don ról seo.
Ní mór na hiarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig:
Dáire O’Callaghan,
An Rannóg Acmhainní Daonna,
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta,
23 Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 TD30,
Guthán: (01) 631 3982
Ná seol Curriculum Vitae le do thoil.
Is é 3pm ar an Déardaoin, 1 Meitheamh, 2017, an spriocdháta le haghaidh iarratais.
Dícháileofar iarrthóir ar an toirt má dhéanann sé/sí canbhasáil agus d'fhéadfaí iarratais a chur ar ghearrliosta.
Is fostóir comhionannas deiseanna an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.