Pleanáil agus Oidhreacht Nádúrtha
Faoi na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, ní mór d'údaráis pleanála gach iarratas pleanála a bfhéadfadh tionchar suntasach a bheith acu i ndáil le caomhnú an dúlra a chur ar aghaidh chuig an Aire.
Déanann Aonad na nIarratas ar Fhorbairt comhordú ar mheastóireacht sheirbhísí teicniúla éagsúla na Roinne, lena n-áirítear an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, ar na hatreoruithe sin. Tá tuilleadh eolais le fáil i rannóg pleanála shuíomh an SPNF.
Ba cheart gach iarratas ábhartha a sheoladh go leictreonach chuig manager.dau@chg.gov.ie, nó mura féidir é a sheoladh go leictreonach, tríd an bpost chuig:
An tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta F/Ch 'An Bainisteoir, Aonad na nIarratas ar Fhorbairt, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Bóthar an Bhaile Nua, Loch Garman
Breathnaítear ar iarratas atreoraithe agus tagairt á déanamh don tionchar a bheadh aige ar shuíomhanna ainmnithe agus ag cur forálacha na reachtaíochta náisiúnta agus Eorpaí san áireamh. Ar bhonn an mheasúnaithe seo, féadfaidh an Roinn moladh a dhéanamh chuig an údarás pleanála gur cheart tuilleadh eolais a lorg ón bhforbróir (mar shampla, measúnú ar an tionchar a bheadh ar speicis shonracha) nó gur cheart coinníollacha pleanála áirithe a chur san áireamh i mbronnadh an cheada. I gcásanna neamhchoitianta, nuair a d'fhéadfaí tionchar diúltach suntasach ar chaomhnú an dúlra a mhaolú, d'fhéadfadh an Roinn moladh don údarás pleanála gan cead pleanála a bhronnadh.