Poist Shéasúacha Shealadacha Ionnaithe i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
Tá Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ag lorg daoine díograiseacha do shéasúr na gcuairteoirí 2017 leis na folúntais seo a leanas a líonadh:
- Tiománaí Bus Sealadach (is é €540.55 sa tseachtain roimh cháin an ráta tuarastail - OG Banda a 2)
- Treoraí Oideachais Sealadach (is é €419.29 sa tseachtain roimh cháin an ráta tuarastail)
- Cúntóir Gairneoireachta Sealadach (is é €419.29 sa tseachtain roimh cháin an ráta tuarastail)
- Treoraí Sealadach do Chuairteoirí (is é is é €419.29 sa tseachtain roimh cháin an ráta tuarastail)
Beidh na dualgais ag brath ar an ról. Féadfar an ráta luach saothair a shocrú ó am go ham de réir pholasaí pá an Rialtais. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach na naisc thíos. Is ceapacháin shealadacha iad seo a d'fhéadfadh teacht chun cinn in 2017. Beidh na poist lonnaithe i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Bíonn ar an bhfoireann oibriú 39 n-uair an chloig sa tseachtain, sin cúig lá thar thréimhse seacht lá a bhféadfadh laethanta deireadh seachtaine agus laethanta saoire bainc a bheith san áireamh iontu.
Roghnófar ceapaithe trí agallamh iomaíoch. D'fhéadfadh sé tarlú freisin go gcuirfí painéal d'iarrthóirí oiriúnacha i dtoll a chéile dá dtiocfadh folúntais bhreise chun cinn amach anseo.
Tiománaí Bus Sealdach Cur Síos ar an bPost
Sonraí an Duine Tiománaí Bus Sealdach
Foirm Iarratais Tiománaí Bus Sealdach
Tá ceadúnas iomlán, glan tiomána catagóir R agus CPC (Teastas Inniúlachta Gairmiúil) reatha riachtanach.
Cur Síos ar an bPost Treoraí Oideachais Sealadach
Sonraí an Duine Treoraí Oideachais Sealdach
Foirm Iarratais Treoraí Oideachais Sealadach
Tabhair faoi deara go bhfuil taithí ar obair le páistí agus eolas ar fhlóra agus ar fhána Dhún na nGall riachtanach don ról seo.
Tá ceadúnas iomlán, glan tiomána inmhianaithe.
Cur Síos are an bPost Cúntóir Gairneoireachta
Sonraí an Duine Cúntóir Gairneoireachta
Cúntóir Gairneoireachta Foirm Iarratais
Tá ceadúnas iomlán, glan tiomána inmhianaithe.
Treoraí Sealadach do Chuairteoirí Sonraí an Duine
Treoraí do Chuairteoirí Cur Síos ar an bPost
Treorai Sealadach do Chuairteoírí Foirm Iarratais
Tabhair faoi deara go bhfuil taithí ar obair mar threoraí turais riachtanach don ról seo.
Ní mór na hiarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig:
Dáire O’Callaghan
An Rannóg Acmhainní Daonna,
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta
23 Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2
D02 TD30,
Teil: (01) 631 3982
Ná seol Curriculum Vitae le do thoil.
Is é 3pm ar an Déardaoin, 23 Márta, 2017, an spriocdháta le haghaidh iarratais.
Dícháileofar iarrthóir ar an toirt má dhéanann sé/sí canbhasáil agus d'fhéadfaí iarratais a chur ar ghearrliosta.
Is fostóir comhionannas deiseanna an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.
Rogha
Nuacht Oidhreachta
- 01/11/2017
Aird á tharraingt ag an Aire Humphreys ar ról na nÚdarás Áitiúil i gClár Comórtha Céad Bliain 2016 - 24/10/2017
An tAire Stáit O'Donovan ag déanamh ionadaíocht don Rialtas ag Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir 2017, Ireland Park, Toronto - 15/10/2017
NOTICE: CLOSURE OF DEPARTMENTAL OFFICES MONDAY 16 OCTOBER 2017
-
2017-06-27 09:47:19
Cód Cleachtais aontaithe idir Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) agus an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta -
2017-02-09 17:00:19
Ciorclán an Chiste um Struchtúir i mBaol 2016 -
2017-02-02 10:40:01
Ciorclán na Scéime Infheistíochta maidir le hOidhreacht Thógtha 2017
Straitéis Náisiúnta Tírdhreacha d'Éirinn 2015-2025
Suirbhé an NIAH ar Thuaisceart Chathair Bhaile Átha Cliath á sheoladh