Treoraí/Oifigeach Eolais, Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
Tá an Roinn Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnachq, Tuaithe agus Gaeltachta ag lorg iarratais ó iarrthóirí atá cáilithe go cuí chun dul ar phainéal as a bhféadfaí folúntais reatha nó folúntais amach anseo sa phost thuas a líonadh. Is poist shealadacha iad seo atá lonnaithe in Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha.
I measc na ndualgas a bheidh i gceist beidh turais threoraithe léirmhínithe ar Chaisleán Ghleann Bheatha, turais staire i ngarraí an Chaisleáin agus turais ar shuíomhanna áitiúla, áirithintí do thurais a láimhseáil, dualgais san oifig fáilte, cabhrú le díolacháin agus le dualgais riaracháin de réir mar a theastaíonn.
Bíonn ar an bhfoireann 39 n-uaire an chloig a oibriú sa tseachtain, sin cúig lá thar thréimhse seacht lá a bhféadfadh laethanta deireadh seachtaine agus laethanta saoire bainc a bheith san áireamh leo.
Is é €419.29 in aghaidh na seachtaine, roimh cháin, an scála pá táscach reatha (á athbhreithniú) do na poist seo. Féadfar an ráta luach saothair a shocrú ó am go ham de réir pholasaí pá an Rialtais.
Roghnófar na ceapaithe trí agallamh iomaíoch. D'fhéadfadh sé tarlú freisin go gcuirfí painéal d'iarrthóirí oiriúnacha i dtoll a chéile dá dtiocfadh folúntais bhreise chun cinn amach anseo.
Ní mór na hiarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig:
Lily McEvoy,
An Rannán Pearsanra,
An Roinn Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnachq, Tuaithe agus Gaeltachta,
23 Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath D02 TD30.
Teil: (01) 631 3982
Ná seol Curriculum Vitae le do thoil.
Is é 5 i.n. ar an Déardaoin, 26ú Bealtaine 2016, an spriocdháta le haghaidh iarratais.
NÍ GHLACFAR le Foirmeacha Iarratais a sheolfar ar facs.
Dícháileofar iarrthóir ar an toirt má dhéanann sé/sí canbhasáil agus d'fhéadfaí iarratais a chur ar ghearrliosta.
Is fostóir comhionannas deiseanna an Roinn Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnachq, Tuaithe agus Gaeltachta.