Treoraí Oideachais Sealadach Anaclann Dúlra Phortach Chóirthigh
Tá Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ag lorg daoine díograiseacha do shéasúr na gcuairteoirí 2017 leis an bhfolúntas seo a leanas a líonadh:
- Treoraí Oideachais Sealadach (is é an ráta tuarastaail €419.29 in aghaidh na seachtaine roimh cháin)
Féadfar an ráta luach saothair a shocrú ó am go ham de réir pholasaí pá an Rialtais. Le haghaidh tuilleadh eolais féach na naisc thíos. Is ceapachán sealadach é seo a thiocfaidh chun cinn in 2017. Beidh an post lonnaithe in Anaclann Dúlra Phortach Chlóirthigh, Clóirtheach, Co. Uíbh Fhailí. Bíonn ar an bhfoireann oibriú 39 n-uair an chloig sa tseachtain, sin cúig lá thar thréimhse seacht lá a bhféadfadh laethanta deireadh seachtaine agus laethanta saoire bainc a bheith san áireamh iontu.
Roghnófar ceapaí trí agallamh iomaíoch. D'fhéadfadh sé tarlú freisin go gcuirfí painéal d'iarrthóirí oiriúnacha i dtoll a chéile dá dtiocfadh folúntais bhreise chun cinn amach anseo.
Cur Síos ar an bPost Treoraí Oideachais Sealadach Anaclann Dúlra Phortach Chóirthigh
Sonrai an Duine Treoraí Oideachais Sealadach Anaclann Dúlra Phortach Chóirthigh
Foirm Iarratais Treoraí Oideachais Sealadach Anaclann Dúlra Phortach Chóirthigh
Tabhair faoi deara go bhfuil taithí ar obair le páistí agus eolas ar fhlóra agus ar fhána Uíbh Fhailí riachtanach don ról seo.
Tá ceadúnas iomlán, glan tiomána inmhianaithe.
Ní mór na hiarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig:
Dáire O’Callaghan
An Rannóg Acmhainní Daonna,
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta
23 Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2
D02 TD30,
Teil: (01) 631 3982
Ná seol Curriculum Vitae le do thoil.
Is é 3pm ar an Aoine, an 24 Márta 2017 an spriocdháta le hiarratais a bheith faighte.
Dícháileofar iarrthóir ar an toirt má dhéanann sé/sí canbhasáil agus d'fhéadfaí iarratais a chur ar ghearrliosta.
Is fostóir comhionannas deiseanna an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.