Treoraí/Oifigeach Eolais, Páirc Náisiúnta Chill Airne
Tá Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnachq, Tuaithe agus Gaeltachta ag lorg daoine díograiseacha do shéasúr na gcuairteoirí 2016.
Beidh obair i dTeach Mhucross, chomh maith le turais threoraithe den teach a stiúradh, agus eolas a thabhairt do chuairteoirí chomh maith le cúnamh a thabhairt i clár oibre agus ócáidí mar chuid de dhualgais an ról seo.
Tá taithí ar an obair luaite thus, chomh maith le taithí múinteoireachta agus cur i láthair do ghrúpaí, maraon le scileanna ríomhaireachta, riachtanach.
Is poist shealadacha iad seo a d'fhéadfadh teacht chun cinn in 2016. Is i dTeach Mhucros, i bPáirc Náisiúnta Chill Airne atá na poist seo. Beidh ar an bhfoireann oibriú suas le 39 n-uair an chloig sa tseachtain, sin cúig lá thar thréimhse seacht lá a bhféadfadh laethanta deireadh seachtaine agus laethanta saoire bainc a bheith san áireamh iontu.
Is é €419.29 in aghaidh na seachtaine, roimh cháin, an scála pá táscach reatha do na poist seo. Féadfar an ráta luach saothair a shocrú ó am go ham de réir pholasaí pá an Rialtais.
Roghnófar na ceapaithe trí agallamh iomaíoch. D'fhéadfadh sé tarlú freisin go gcuirfí painéal d'iarrthóirí oiriúnacha i dtoll a chéile dá dtiocfadh folúntais bhreise chun cinn amach anseo.
Ní mór na hiarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig:
Lily McEvoy,
An Rannán Pearsanra,
An Roinn Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnachq, Tuaithe agus Gaeltachta,
23 Sráid Chill Dára,
Baile Átha Cliath D02 TD30.
Teil: (01) 631 3982
Ná seol Curriculum Vitae le do thoil.
Is é 5pm ar an Aoine, 8ú Aibreán 2016 an spriocdháta le haghaidh iarratais.
NÍ GHLACFAR le foirmeacha iarratais a sheolfar ar facs.
Dícháileofar iarrthóir ar an toirt má dhéanann sé/sí canbhasáil agus d'fhéadfaí iarratais a chur ar ghearrliosta.
Is fostóir comhionannas deiseanna an Roinn Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnachq, Tuaithe agus Gaeltachta.