Oibrí Ginearálta Sealadach Tuaithe (Banda a 3) Lár-Réigiúin
Tá Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ag lorg iarrthóirí atá cáilithe go cuí le haghaidh an Lár-Réigiúin:
- Oibrí Ginearálta Sealadach Tuaithe (Banda a 3)
Tá an post lonnaithe i gceantar na Buaraí, Co. Uíbh Fhailí. Beidh ar an bhfoireann 39 n-uaire an chloig a oibriú sa tseachtain, sin cúig lá thar thréimhse seacht lá a bhféadfadh laethanta deireadh seachtaine agus laethanta saoire bainc a bheith san áireamh leo.
Tosaíonn tuarastal Oibrí Ginearálta Tuaithe (Banda a 3) ag €501.48. Féadfar an ráta luach saothair a shocrú ó am go ham de réir pholasaí pá an Rialtais. Beidh ráta difriúil i bhfeidhm sa chás gur státseirbhíseach nó fostaí sa tseirbhís phoiblí é an ceapaí a earcaíodh roimh an 6 Aibreán 1995 agus nach n-éilítear air nó uirthi Ranníocaíocht Phearsanta Pinsin a dhéanamh
Tá taithí a bheadh ábhartha don phost thuas, lena n-áirítear ceadúnas iomlán glan tiomána catagóir B, obair ghinearálta chothabhála agus úsáid innealra, riachtanach.
Roghnófar ceapaithe trí agallamh iomaíoch. D'fhéadfadh sé tarlú freisin go gcuirfí painéal d'iarrthóirí oiriúnacha i dtoll a chéile dá dtiocfadh folúntais bhreise chun cinn amach anseo.
Cur Síos ar an bPost Oibrí Ginearálta Sealadach Tuaithe (Banda a 3)
Sonraí an Duine Oibrí Ginearálta Sealadach Tuaithe (Banda a 3)
Foirm Iarratais Oibrí Ginearálta Sealadach Tuaithe (Banda a 3)
Ní mór na hiarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig:
Dáire O’Callaghan
An Rannóg Acmhainní Daonna,
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta
23 Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath
D02 TD30
Guthán: (01) 631 3982
Ná seol Curriculum Vitae le do thoil.
Is é 3pm ar an Déardaoin, 23 Márta 2017, an spriocdháta le haghaidh iarratais.
Dícháileofar iarrthóir ar an toirt má dhéanann sé/sí canbhasáil agus d'fhéadfaí iarratais a chur ar ghearrliosta.
Is fostóir comhionannas deiseanna an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta