20/11/15

Scéalta Poiblí agus Príobháideacha 1916 á gcur i láthair an Domhain le Inspiring Ireland 1916

Caisleán Bhaile Átha Cliath - Réamhspléachadh ar Inspiring Ireland 1916

Ag réamhspléachadh speisialta inniu ag Fóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain, rinne an tAire Heather Humphreys TD (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta) agus an tAire Jimmy Deenihan TD (an tAire Gnóthaí Diaspóra) céim spreagúil nua i dtionscadal Inspiring Ireland a nochtadh, a bheidh á sheoladh mar chuid d’Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain.

Seolfaidh Inspiring Ireland 1916 sraith nua taispeántas ar líne sa chéad leath de 2016, lena ndíreofar ar scéalta atá agus nach bhfuil ar an eolas ag daoine faoin Éirí Amach agus faoi na himeachtaí agus na saoil ar imríodh tionchar orthu.  Le Inspiring Ireland 1916: Weaving Public and Private Narratives cuirtear grianghraif dhigitithe, dialanna, póstaeir, taifid, físeáin, ábhar gearrshaolach agus tuilleadh ar taispeáint le reacaireacht ó shaineolaithe, chun na scéalta a bhaineann leis an Éirí Amach a insint agus pictiúr a tharraingt den ngnáthshaol sa bhliain 1916.   Trí réada íocónacha ó Chartlann Náisiúnta na hÉireann, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Ard-Mhúsaem na hÉireann agus RTÉ a mheascadh le nithe a fuarthas ó bhailiúcháin phríobháideacha, tá léiriú ilmheáin spreagúil ar mhuintir agus imeachtaí na bliana 1916, agus a n-oidhreacht, á chruthú ag Inspiring Ireland 1916.

Dúirt an tAire Heather Humphreys: "Is cuireadh oscailte é Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain d'Éireannaigh sa bhaile agus thar lear bheith páirteach linn agus muid ag cuimhneamh ar na himeachtaí as ar eascair bunú an Stáit. Trína n-acmhainn ar líne, a choimeádtar go speisialta, tá Inspiring Ireland ag cuidiú linn teagmháil a dhéanamh le pobal domhanda na hÉireann. Le meascán de réada agus scéalta ónár bhForais Chultúrtha Náisiúnta agus ón phobal, cuirfidh Inspiring Ireland 1916 léamh nua agus dearcthaí nua ar fáil dúinn ar an saol 100 bliain ó shin.”

Chuir Jimmy Deenihan T.D., Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála le freagracht speisialta as an Diaspóra, lena cuid cainte: “Is cúis mhór bróid dom é nuair a fheicim go bhfuil ár ndiaspóra á gcur in áit tosaíochta mar seo agus go mbeidh ról suntasach acu i gclár imeachtaí na bliana seo chugainn. Is sampla den scoth é an tionscadal seo den mbealach ina bhféadfaidh an diaspóra bheith páirteach sna himeachtaí - trí áis ar líne, tugann an tionscadal deis do dhaoine féachaint ar roinnt de na déantúsáin is luachmhara atá againn ag baint le 1916 agus scéalta agus insintí ón tréimhse sin a chlos. Is féidir lenár gcairde agus ár dteaghlaigh thar lear a gcuid déantáin féin agus a gcuid earraí tábhachtacha teaghlaigh a thabhairt chuig laethanta bailiúcháin speisialta. Cuirfear beocht ina gcuid scéalta agus i stair a dteaghlaigh, agus roinnfear leis an domhan mór iad”.

Ag réamhspléachadh an lae inniu, dúirt an Dr. Natalie Harrower, Stiúrthóir Thaisclann Dhigiteach na hÉireann, go mbeidh an chéad taispeántas, atá le seoladh i mí Eanáir 2016, ag díriú ar Mhná agus an Réabhlóid.

“Trí ábhar poiblí atá faoi chúram fhorais chultúrtha náisiúnta na hÉireann a mheascadh le nithe príobháideacha ón phobal a fhaightear ag na Laethana Bailiúcháin, tá Inspiring Ireland 1916 in ann gné den Éirí Amach a thaispeáint nach bhfeictear chomh minic sin. Inár gcéad thaispeántas, bainfimid leas as saol na mban chun iniúchadh a dhéanamh ar cheisteanna aicme, polaitíochta, méala agus marthanais le linn na tréimhse iontaí seo i stair na hÉireann. Agus níl ann seo ach tús leis na scéalta a spreag Éirinn tríd an Éirí Amach.”

Tá Inspiring Ireland bunaithe ar bhonneagar caomhantais Thaisclann Dhigiteach na hÉireann, rud a fhágann go bhfuil na réada digiteacha á gcaomhnú le go mbeidh rochtain orthu go fadtéarmach. Cinnteofar leis seo go mbeidh oidhreacht chultúrtha dhigiteach na hÉireann ar fáil dóibh siúd a thiocfaidh inár ndiaidh.

CRÍOCH

Nótaí do na hEagarthóirí

Is tionscadal de chuid Thaisclann Dhigiteach na hÉireann (TDÉ) é Inspiring Ireland 1916, i gcomhpháirtíocht le Cartlann Náisiúnta na hÉireann, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Ard-Mhúsaem na hÉireann agus RTÉ agus maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an tAire Gnóthaí Eachtracha i Roinn an Taoisigh i gcomhar le hÉire 2016 agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Tá an tairseach ar líne www.inspiring-ireland.ie á chumhachtú ag bonneagar caomhantais Thaisclann Dhigiteach na hÉireann, rud a fhágann go bhfuil gach ní ar an suíomh á chaomhnú go fadtéarmach i dtaisclann dhigiteach iontaofa dheimhnithe.

Is ionann Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, atá faoi Stiúir an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., agus clár gníomhaíochta bliana d'fhonn imeachtaí Éirí Amach 1916 a chomóradh, machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach againn le 100 bliain anuas agus súil chun tosaigh a chaitheamh ar thodhchaí na hÉireann.

Tá tuilleadh eolais faoi Éire 2016 le fáil ag www.ireland.ie.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service