Conradh Eatramhach don tSeirbhís Aeir chuig Oileáin Árann
Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Joe McHugh TD, inniu (13 Deireadh Fómhair 2015) go bhfuil síneadh bliana curtha ag a Roinn leis an gconradh atá aici le Galway Aviation Services Ltd chun seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann – ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí 30 Meán Fómhair 2016. Baineann costas iomlán de €1.62m leis an gconradh eatramhach seo. Beidh an leibhéal céanna seirbhíse fóirdheonaithe á cur ar fáil faoin síneadh seo is atá ann faoi láthair. Úsáidfear tréimhse an tsínte chun tabhairt faoi phróiseas tairisceana nua do chonradh ceithre bliana.
D'fhógair an tAire Stáit fosta go bhfuil conradh ceithre bliana aontaithe idir a Roinn agus Galway Aviation Services Ltd chun seirbhísí bainistíochta aeradróim a chur ar fáil ag na haeradróim ar Oileáin Árann agus ag an gCloigeann agus ar Inis Bó Finne, Co. na Gaillimhe, ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí 30 Meán Fómhair 2019. Is é €1.86 milliún costas iomlán an chonartha seo don Roinn don tréimhse ceithre bliana.
Críoch