Deiseanna Gaeilge i Stáit Aontaithe Mheiriceá
Maoiniú ar Fáil trí Dhámhachtainí Fulbright
Ar an gCéadaoin, an 30ú Meán Fómhair, tionólfaidh Coimisiún Fulbright na hÉireann seisiún eolais maidir le deiseanna maoinithe do theagasc agus do thaighde Gaeilge i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Reáchtálfar an ócáid i bhfoirgneamh Fhoras na Gaeilge ag 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, ó 4.30-6pm.
I measc na gcainteoirí a bheidh i láthair ag an ócáid beidh an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Joe McHugh T.D., Bainisteoir Dhámhachtainí Choimisiún Fulbright agus Iar-chúntóir Teagaisc Teanga de chuid Fulbright, Lisa Nic an Bhreithimh, agus painéal de cheathrar Iar-chúntóirí Teagaisc Teanga Fulbright. Cloisfidh daoine a bheidh i láthair faoi ghníomhaíochtaí Gaeilge atá ar bun sna Stáit Aontaithe inniu agus na deiseanna atá ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge trí Choimisiún Fulbright.
Cuireann Dámhachtainí Fulbright do Chúntóirí Teagaisc i dTeangacha Iasachta (FLTA), atá á maoiniú ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta agus ag an gCrannchur Náisiúnta, deontais ar fáil do shaoránaigh na hÉireann agus an AE a bhfuil Gaeilge líofa acu chun an Ghaeilge a mhúineadh sna Stáit Aontaithe ar feadh tréimhse 9-10 mí. I measc na n-iarrthóirí ar éirigh leo go dtí seo bhí mic léinn iarchéime, múinteoirí bunscoile, teagascóirí 3ú leibhéal agus gairmithe eile. Tá an tréimhse iarratais do Dhámhachtainí 2016-2017 oscailte anois le spriocdháta de 30ú Deireadh Fómhair 2015.
Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta sa Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta, Joe McHugh T.D., faoi Dhámhachtainí FLTA Fulbright na hÉireann, “Is deis iontach na dámhachtainí seo do Chainteoirí Gaeilge le cáilíochtaí tríú leibhéal a ngairmeacha a fhorbairt sna Stáit Aontaithe agus a dteanga agus a gcultúr a chur i láthair daoine nua thar lear. Dá bhrí sin, áitím ar mhúinteoirí Gaeilge, go háirithe iad siúd i gceantair Ghaeltachta, a bheith i láthair ag an ócáid seo agus smaoineamh ar chur isteach ar cheann de na scoláireachtaí luachmhara seo.”
Críoch