14/10/15

D’fhógair Joe McHugh T.D., Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta deontas breise de €1,400 don Chrann Óg, Scoil Náisiúnta Éadan Fhionnfhraoich, na Gleannta, Co Dhún na nGall.

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas breise de €1,400 ceadaithe aige don Chrann Óg, chun go mbeidh ar a gcumas ranganna ceoil a chur ar siúl i Scoil Náisiúnta Éadan Fhionnfhraoich, na Gleannta, Co Dhún na nGall.  Tá an deontas seo sa bhreis ar dheontas eile de €53,363 a cheadaigh an Roinn don Chrann Óg i mí Lúnasa 2015.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh an-áthas air an deontas breise seo a chur ar fáil: “Tá cáil bainte amach ag an Chrann Óg le feabhas a gcuid ceoil le blianta beaga anuas agus fosta i gcur chun cinn an cheoil dhúchasaigh. Tá muid go mór faoi chomaoin acu féin agus na múinteoirí atá fostaithe acu.  Tá áthas mór orm go mbeidh an deis acu, anois, a gceird a roinnt le páistí sna Gleannta”.

CRÍOCH

 

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service