Fáiltíonn McHugh roimh an leithdháileadh atá beartaithe do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán don bhliain 2016
Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., roimh an cháinaisnéis a fógraíodh inniu (13 Deireadh Fómhair 2015) agus roimh an leithdháileadh atá beartaithe do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don bhliain 2016.
Tá sé curtha in iúl ag an Aire Stáit go gcuirfear suim iomlán de €44.206 milliún ar fáil don Roinn sa bhliain 2016 do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán. Chomh maith leis sin, cuirfear €13.201 milliún ar fáil don Fhoras Teanga. Is figiúirí táscacha iad seo, faoi réir na Meastacháin a bheith faofa amach anseo agus faoi réir chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i gcás an Fhorais Teanga.
Dúirt an tAire Stáit: "Fáiltím roimh an chistiú atá á chur ar fáil do mo Roinn i gcomhar gnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán, go háirithe na suimeanna méadaithe atá ar fáil don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus do na hoileáin. Cinntíonn an leithdháileadh seo go mbeidh sé ar ár gcumas leanúint orainn ag cur ár bpríomhthosaíochtaí i gcrích agus ag seachadadh réimse leathan de sheirbhísí tábhachtacha don phobal.”
Dúirt an tAire Stáit fosta: "Cuirim fáilte roimh an allúntas do Theach an Phiarsaigh a chuirfidh ar ár gcumas an t-ionad nua do chuairteoirí a thógáil i Ros Muc agus roimh an allúntas de €250,000 chun an Teanga Bheo, an snáithe Gaeilge d'Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain a sheachadadh."
Ag tagairt do Cháinaisnéis 2016 i gcoitinne, dúirt an tAire Stáit: “Fáiltím roimh an chur chuige dearfach atá sna forálacha éagsúla den cháinaisnéis chun an biseach atá le sonrú ar chúrsaí eacnamaíocha na tíre a fheabhsú agus a threisiú tuilleadh. Tá a fhios againn uilig go raibh ciorruithe agus fulaingt ann le cúpla bliain anuas agus an Rialtas ag dul i ngleic leis an ghéarchéim eacnamaíoch is measa a d’fhulaing an Stát seo riamh. Bhí na ciorruithe sin riachtanach chun ár neamhspleáchas eacnamaíoch a chosaint agus is féidir a rá, gan amhras nó áibhéil, gur mar gheall ar an straitéis eacnamaíochta chiallmhar a chuir an Rialtas i bhfeidhm i ngach cáinaisnéis ó toghadh é, go bhfuil muid ag pointe anois gur féidir linn borradh agus fás folláin a fheiceáil sa gheilleagar agus go mbeidh caighdeán maireachtála gach éinne feabhsaithe dá bharr.”
Dúirt an tAire Stáit fosta go bhfuil sé sásta go gcuirfidh an soláthar d'Údarás na Gaeltachta, d'Oifig an Choimisinéara Teanga agus don Fhoras Teanga (Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise) ar a gcumas a gcuid feidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh go sásúil in 2016. Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Stáit: "Maidir leis an allúntas caipitil d'Údarás na Gaeltachta, tá sé i gceist agam tuilleadh maoinithe a lorg don Údarás faoin bpróiseas meastachán athbhreithnithe."
Tá tuilleadh sonraí i ndáil leis an leithdháileadh do 2016 sna haguisíní thíos.
Aguisín 1: Meastacháin do 2016
Gaeilge, Gaeltacht & Oileáin (Clár C) * €44.206m (+2.7%)
| Gaeilge, Gaeltacht & Oileáin | 2015 | 2016 | % Athrú |
| Reatha | 33,346 | 34,339 | +3% |
| Caipiteal | 9,717 | 9,867 | +1.5% |
| Iomlán | 43,063 | 44,206 | +2.7% |
Comhoibriú Thuaidh Theas (Clár D)
| An Foras Teanga | 2015 | 201 | % Athrú |
| Reatha | 13,444 | 13,201 | - 1.8% |
* Tá costais riaracháin (pá agus pinsin) san áireamh sna figiúirí seo.
Aguisín 2 - Miondealú ar an leithdháileadh reatha do 2016
| Gaeilge, Gaeltacht & Oileáin | €000 | |
| C.3 | SCÉIMEANNA TACAÍOCHTA GAELTACHTA | 6,000 |
| C.4 | SCÉIMEANNA TACAÍOCHTA GAEILGE | 3,500 |
| C.5 | AN COIMISINÉIR TEANGA | 670 |
| C.6 | ÚDARÁS NA GAELTACHTA - RIARACHÁN | 8,823 |
| C.7 | ÚDARÁS NA GAELTACHTA - REATHA | 3,000 |
| C.9 | OILEÁIN | 6,631 |
| C.10 | AN STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010-2030 | 1,000 |
| Iomlán * | € 29,624 | |
| *gan suimeanna riaracháin pá agus neamhphá san áireamh don Roinn. | ||
| Comhoibriú Thuaidh Theas | €000 | |
| D.3 | AN FORAS TEANGA | €13,201 |
Aguisín 3 - Miondealú ar an leithdháileadh caipitil do 2016
| Gaeilge, Gaeltacht & Oileáin | €000 | |
| C.3 | SCÉIMEANNA TACAÍOCHTA GAELTACHTA | 1,422 |
| C.4 | SCÉIMEANNA TACAÍOCHTA GAEILGE | 95 |
| C.8 | ÚDARÁS NA GAELTACHTA - CAIPITEAL | 5,687 |
| C.9 | OILEÁIN | 644 |
| C.11 | TEACH AN PHIARSAIGH | 1,900 |
| Iomlán | € 9,748 | |
Críoch