Aitheasc á thabhairt ag an Aire Humphreys ag an gcruinniú comhairliúcháin deiridh le haghaidh Cultúr 2025 i mBaile Átha Cliath
Tabharfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, aitheasc inniu (Dé Luain) ag ceardlann comhairliúcháin ollmhór i mBaile Átha Cliath, atá á reáchtáil mar chuid den phróiseas comhairliúcháin le haghaidh Cultúr 2025, an chéad pholasaí náisiúnta cultúir in Éirinn, a fhorbairt.
Beidh aitheasc ag an gceardlann freisin ó Ruth Mackenzie, a bhí ina comhairleoir ag cúig rúnaí cultúir faoi rialtais Tony Blair agus Gordon Brown sa Ríocht Aontaithe, agus a d’fheidhmigh mar Stiúrthóir ar an Cultural Olympiad, an fhéile chultúir a bhí ar siúl ag an am céanna le Cluichí Oilimpeacha 2012.
D’fhoilsigh an tAire Humphreys Plédhoiciméad Chultúr 2025 i mí Lúnasa. Rinneadh cruinnithe comhairliúcháin réigiúnacha a reáchtáil ó shin i nGaillimh, Corcaigh, An Cabhán, Cill Chainnigh agus Luimneach. Is í an ceardlann i mBaile Átha Cliath an cruinniú comhairliúcháin phoiblí deiridh. Is féidir aighneachtaí a chur isteach ar líne go dtí an 31 Deireadh Fómhair.
Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Ón uair a sheol mé Plédhoiciméad Chultúr 2025 i mí Lúnasa, tá cruinnithe comhairliúcháin á dtionól ag mo Roinn ar fud na tíre chun plé agus díospóireacht a éascú faoi fhorbairt ár gcéad pholasaí náisiúnta cultúir riamh. Ba phróiseas an-fhiúntach é, ina raibh níos mó ná 600 duine páirteach go dtí seo.
“Fuair muid aiseolas an-luachmhar sna cruinnithe réigiúnacha go léir. Ba rathúil an cleachtadh é ó thaobh rannpháirtíocht ghníomhach de agus léirigh sé an dúshuim atá ag daoine sa chultúr, agus údar acu. Tháinig roinnt comhthéamaí chun cinn, lena n-áirítear tacaíocht áitiúil d’ealaíontóirí áitiúla, tacú leis an bpróiseas cruthaitheach agus pobail a fhorbairt trí bhíthin an chultúir.
“Is deis thábhachtach í forbairt ár gcéad pholasaí náisiúnta cultúir riamh chun go mbeidh gach duine in ann a dtuairim a chur in iúl faoin méid atá le baint amach againn ó thaobh ár n-ealaíona agus ár gcultúr de sna deich mbliana seo romhainn. Má leagann muid amach spriocanna ardleibhéil suas go 2025 beidh muid ag cuidiú le cosaint agus cur chun cinn ár gcultúr uathúil éagsúil, agus beidh muid ag spreagadh foirmeacha nua cultúir le dul i dtreis.
Tá súil agam go mbeidh mé in ann cáipéis pholasaí Chultúr 2025 a fhoilsiú go luath ar an bhliain seo chugainn. Ach níor cheart go gcaithfí leis sin mar dheireadh an scéil. Tá súil agam go leanfar le forbairt an pholasaí agus go bhfreagróidh sé do riachtanais na hearnála.”
CRÍOCH
Is féidir Plédhoiciméad Chultúr 2025 a fheiceáil anseo:
http://www.ahg.gov.ie/en/Culture/Culture2025/
Is féidir aighneachtaí ar Cultúr 2025 a sheoladh ar ríomhphost chuig culturalpolicy@ahg.ie nó i scríbhinn chuig:
Cultúr 2025
Aonad na bhForas Cultúrtha
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
An Bóthar Nua
Cill Airne
Co. Chiarraí