15/06/16

Maoiniú de €370k fógartha ag an Aire Humphreys d’Áras Nua-Ealaíne na hÉireann chun an bealach a réiteach do thaispeántas den chéad scoth le Lucian Freud

Tá sé fógartha inniu (Dé Céadaoin) ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, go bhfuil deontas de €371,000 á cheadú aici d’Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA). Úsáidfear an t-airgead chun oibreacha riachtanacha feabhsúcháin a dhéanamh ag Gailearaithe an Ghairdín sa Ospidéal Ríoga i gCill Mhaighneann ina mbeidh an taispeántas den chéad scoth le Lucian Freud le feiceáil níos moille i mbliana.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Is mór an éacht é don Áras Nua-Ealaíne taispeántas cúig bliana le Lucian Freud a fháil agus creidim go gcruthaíonn taispeántas mar seo an deis chun an tÁras Nua-Ealaíne a oscailt do phobal níos leithne fós.

“Cuirfear an saothar, atá ar iasacht ó bhailiúcháin phríobháideacha, i láthair i Sain-Ionad Freud i nGailearaithe an Ghairdín ar feadh cúig bliana.  Áireoidh siad rogha de na péintéireachtaí is fearr le Freud, chomh maith le mórán eitseálacha a rinneadh le linn tréimhse seasca bliain. 

“Chun a chinntiú go mbeidh na coinníollacha oiriúnach agus sábháilte don saothar ealaíne seo, ní mór oibreacha a dhéanamh ar Ghailearaithe an Ghairdín.  Is cúis áthais dom a bheith ábalta an maoiniú caipitil seo de €371,000 a chur ar fáil chun gur féidir an spás a ullmhú don taispeántas den scoth seo.

“Mar thoradh ar an maoiniú seo beifear ábalta Gailearaithe an Ghairdín a uasghrádú go caighdeán a bheidh sásúil chun taispeántas atá chomh tábhachtach seo a chur i láthair ann agus, ar ndóigh, cinnteoidh sé go mbeidh spás taispeántais níos mó ar fáil san Áras Nua-Ealaíne do na blianta atá amach romhainn. Is deis iontach a bheidh i taispeántas Freud do mhuintir na hÉireann féachaint ar shaothar an ealaíontóra iomráitigh seo agus tá mé ag súil go mór le feiceáil conas a fhorbróidh an taispeántas sna cúig bliana atá amach romhainn.”

 

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service