21/10/15

Fógraíonn an tAire Humphreys scéim nua infheistíochta €2 mhilliún don oidhreacht thógtha

Tá scéim nua infheistíochta €2 mhilliún fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., inniu (Dé Céadaoin) do dheisiú agus do chaomhnú struchtúir atá faoi chosaint.  Oibreoidh an ciste ar an tsamhail chéanna leis an Scéim Giarála Post don Oidhreacht Thógtha (SGPOT) ar éirigh go han-mhaith leis agus a bhí ar bun in 2014.  Táthar ag súil go dtacóidh an ciste le líon suntasach tionscadal ar fud na tíre agus go gcruthófar poist i dtionscail an chaomhantais agus na tógála mar thoradh air.

Dúirt an tAire Humphreys an méid seo inniu:

“Is féidir an infheistíocht seo a dhéanamh a bhuíochas don mhéadú ar mhaoiniú mo Roinne sa Cháinaisnéis le déanaí. Spreagfaidh an ciste de €2 mhilliún infheistíocht de chaipiteal príobháideach i dtionscadail dlúthshaothair ar scála beag chun struchtúir stairiúla a dheisiú agus a chaomhnú. Cuirfidh sé seo feabhas ar chuma agus ar struchtúr fhoirgnimh stairiúla ar fud na tíre agus tacóidh sé freisin le fostaíocht i dtionscail an chaomhantais agus na tógála.

Cuireann foirgnimh stairiúla atá coinnithe go maith le beocht ár gcathracha, ár mbailte, ár sráidbhailte agus ár dtaobh tuaithe ar bhealach dearfach. Tá pobail áitiúla an-bhródúil as a n-oidhreacht thógtha, agus tá an oidhreacht chéanna sin in ann a bheith ina foinse thábhachtach fostaíochta go háitiúil mar go gcuireann sí borradh faoin turasóireacht.

“Oibreoidh an scéim nua seo ar an tsamhail chéanna leis an SGPOT, ar éirigh thar cionn leis in 2014. Cuideoidh sé le ceantair uirbeacha agus tuaithe a athnuachan agus cuirfidh coimeádaithe na maoine oidhreachta fáilte mhór roimhe.

“Tá ár n-oidhreacht ar cheann de na príomhnithe díol spéise do dhaoine a thugann cuairt ar Éirinn agus treisíonn caomhnú na hoidhreachta sin tionscal forásach na turasóireachta agus na háineasa agus cuireann sé chun cinn é. Tá ár n-oidhreacht ina gné fíorthábhachtach freisin dár dtimpeallacht chultúrtha agus tá áthas orm go bhfuilimid ábalta arís, a bhuíochas don téarnamh geilleagrach, infheistíocht a dhéanamh san earnáil sin.”

 

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service