Ceapann an tAire Humphreys bord nua ar Ard-Mhúsaem na hÉireann
Tá sé fógartha inniu (Dé hAoine) ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, go bhfuil bord nua ceaptha aici ar Ard-Mhúsaem na hÉireann (AMÉ). Tá na ceapaithe seiceáilte ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus fuarthas amach go bhfuil an taithí acu atá ag teastáil chun freastal ar an mBord.
Tá Catherine Heaney ainmnithe ag an Aire mar Chathaoirleach ainmnithe. Ceapfar go foirmiúil í tar éis di dul i láthair an Choiste ábhartha Oireachtais .
Is iad comhaltaí an bhoird:
- John Bowen
- Mary Crotty
- Catherine Heaney (Cathaoirleacht ainmnithe)
- Ambrose Loughlin
- Judith McCarthy
- Denise Moroney
- Declan Nelson
- Gearóid Ó Tuathaigh
- Andrew Power
- Lynn Scarff
- Virginia Teehan
- Aidan Walsh
Is ainmnithe Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (CRBÁC), Acadamh Ríoga na hÉireann (ARÉ) agus ionadaí foirne ón AMÉ na comhaltaí seo a leanas:
- Ingrid Hook (CRBÁC)
- Kathleen James-Chakraborty (ARÉ)
- Mary O’Dowd (ARÉ)
- Karen Wilson (AMÉ)
CRÍOCH
Sonraí maidir le comhaltaí an bhoird:
John Bowen: Iar-Chathaoirleach Áiléar Crawford
Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach an Bowen Group (1998-2011)
Mary Crotty: Stiúrthóir Bainistíochta Mary Crotty PR (1983-dáta)
Comhalta Boird AMÉ 2011-2016
Catherine Heaney: Bunaitheoir agus Stiúrthóir Bainistíochta DHR Communications
Iar-bhall de bhord na Comhairle Oidhreachta agus Cathaoirleach ar a Coiste Iniúchóireachta
Ambrose Loughlin: Cathaoirleach Choiste Iniúchóireachta na Roinne Airgeadais
Comhpháirtí le Dlíodóirí Mc Cann Fitzgerald (1989-dáta)
Judith McCarthy: Coimeádaí Músaeim, Músaem Chontae Dhún na nGall
Comhalta d’Fhóram Rannach Thurasóireacht Dhún na nGall
Denise Moroney: Stiúrthóir Bainistíochta Brand Dynamics (1994-dáta)
Ceannasaí Margaíochta an Irish Times (2015)
Declan Nelson: Comhalta boird, Pobal
Iar-Bhainisteoir Contae, Muineachán agus Iar-Leas-Bhainisteoir Contae, Gaillimh
Gearóid Ó Tuathaigh: Comhollamh le Stair, OÉG (1989-2010)
Comhalta boird, Ard-Mhúsaem na hÉireann (2011 – 2016)
Andrew Power: Ceannasaí Clárlainne, IEDT (2015-dáta)
Comhalta Boird, An Bord Achomhairc d’Aicmniú Scannán
Lynn Scarff: Stiúrthóir, Gailearaí Eolaíochta Choláiste na Tríonóide
Léachtóir, Dámh na hInnealtóireachta, na Mata agus na hEolaíochta
Virginia Teehan: Iar-Stiúrthóir Mhúsaem Hunt i Luimneach (2003-2009)
Stiúrthóir na hOidhreachta agus na bhFísealaíon, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
Aidan Walsh: Iar-Stiúrthóir Chomhairle Mhúsaem Thuaisceart Éireann (1993-2001)
Iar-chomhalta boird ar an gCoiste Idirnáisiúnta do Bhainistiú Músaem
Ingrid Hook (CRBÁC): Ceann Scoil na Cógaisíochta, Coláiste na Tríonóide
Kathleen James-Chakraborty (ARÉ): Ollamh le Stair na hEalaíne, Scoil Stair na hEalaíne agus an Pholasaí Chultúir, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Mary O’Dowd (ARÉ): Ollamh le Stair Inscne agus comhalta de Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann
Karen Wilson (AMÉ): ionadaí foirne, Ard-Mhúsaem na hÉireann