Cathaoirleach ghrúpa comhairliúcháin nua Shráid an Mhúraigh á dhearbhú ag an Aire Humphreys
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta
D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Déardaoin) go bhfuil an tUasal Gerry Kearney, iarArd-Rúnaí na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, á cheapadh aici mar Chathaoirleach ghrúpa comhairliúcháin nua Shráid an Mhúraigh.
Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
"Tá raon leathan tuairimí ann faoin bhealach is fearr chun cinn i dtaca le Sráid an Mhúraigh agus an méid is féidir a dhéanamh lena tréithe stairiúla a choinneáil agus an pháirt a bhí aici in imeachtaí na Cásca 1916 a léiriú. Chun na tuairimí sin a thabhairt le chéile agus dul chun cinn dearfach a lorg i ndáil le todhchaí na sráide, d'fhógair mé an mhí seo caite go bhfuil grúpa comhairliúcháin á bhunú agam.
“Tá lúcháir orm a fhógairt gur aontaigh Gerry Kearney, iarArd-Rúnaí na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, feidhmiú mar Chathaoirleach an ghrúpa. Is é atá ar intinn agam go mbeadh saoirse ag an ngrúpa raon na saincheisteanna ábhartha a scrúdú agus a phlé laistigh de chreat na cuspóire fairsinge seo ionas go bhféadfaidh siad dul i ngleic leis an ábhar go hiomlán. Ar ndóigh, beidh an próiseas seo á threorú ag an gCathaoirleach.
“Tá sé de rún go mbeidh comhaltaí traspháirtí de chuid an Oireachtais san áireamh leis an ngrúpa, chomh maith le hionadaithe do pháirtithe leasmhara ábhartha, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, gaolta lucht 1916 agus lucht trádála na sráide ina measc. Beidh tacaíocht riaracháin á cur ar fáil don ghrúpa seo ó mo Roinnse agus tá mé ag tnúth lena bhunú chomh luath agus is féidir ionas go bhféadfar tús a chur leis an obair i dtreo bealach chun cinn a bheartú.”
CRÍOCH