Seolann an tAire Humphreys Clár Comórtha 1916 OÉ Gaillimh mar chuid den tionscnamh Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain
‘Éire á múscailt: Comóradh ar 1916 agus ar lean é’
Dé hAoine, 2 Deireadh Fómhair 2015—Inniu sheol an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD Clár Imeachtaí 1916 OÉ Gaillimh, ‘Éire á múscailt: Comóradh ar 1916 agus ar lean é’, mar chuid den tionscnamh Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain.
Déanfaidh an Ollscoil comóradh ar an gcéad bliain le raidhse taispeántas, comhdhálacha, foilseachán agus seimineár, i nGaeilge agus i mBéarla araon. Beidh ealaíontóirí seanbhunaithe agus nua i mbun léiriúcháin ealaíonta, dhrámata agus cheolmhara mar chuid den chlár. Cuimseoidh an clár an pobal níos leithne chomh maith, áit a roinnfear eolas ag cainteanna poiblí, féilte agus ceardlanna.
Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an tAire Heather Humphreys: “Mar cheann de na hollscoileanna is iomráití sa tír, beidh ról thar a bheith tábhachtach ag OÉ Gaillimh agus muid ag féachaint siar ar imeachtaí 1916 agus an tionchar a bhí acu ar Iarthar na hÉireann go háirithe. Is cuid lárnach iad institiúidí tríú leibhéal na tíre de chomóradh na bliana seo chugainn; cuirfidh na hollscoileanna go háirithe ardán ar fáil do phlé agus do dhíospóireacht i measc mac léinn, comhaltaí foirne, alumni agus go deimhin lucht spéise náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le OÉ Gaillimh as an gcur chuige láidir comhpháirtíochta atá glactha aici agus an clár iontach seo á chur le chéile do 2016; clár a áiríonn ceann de na mór-chomhdhálacha náisiúnta a bheidh ar siúl an bhliain seo chugainn.”
Dúirt an Dr Jim Browne, Uachtarán OÉ Gaillimh: “Is iomaí cúlra, creideamh agus tuairim éagsúil a bhí ag na fir agus na mná a bhí taobh thiar d’imeachtaí 1916, ach bhí siad ar fad meáite ar Éirinn níos fearr a chruthú. Agus an náisiún ag teacht le chéile chun fís na ndaoine sin a chomóradh, tá pobal éagsúil na hOllscoile tagtha le chéile chomh maith. Táim an-sásta an oiread comhghleacaithe as lear mór disciplíní a fheiceáil ag glacadh páirte sa chlár, go háirithe comhaltaí foirne sna Dána agus sna Daonnachtaí. Is iontach an meas d’oidhreacht 1916 atá á léiriú ag an saineolas, an fuinneamh agus an díograis atá acu i leith an chomórtha. Is mór an pléisiúr dom cuireadh a thabhairt daoibh féachaint siar ar bhliain chomh tábhachtach i stair ár náisiúin.”
Mar chuid den Chlár Comórtha, eagróidh OÉ Gaillimh mór-chomhdháil acadúil náisiúnta 1916-2016 i mí na Samhna 2016, áit a dtiocfaidh lucht acadúil le chéile as réimse leathan ollscoileanna agus institiúidí teicneolaíochta na hÉireann mar aon le ceannródaithe idirnáisiúnta.
Tá Scoláire Cónaitheach 1916 ceaptha ag an Ollscoil chun comhordú agus eagrú a dhéanamh ar go leor de na himeachtaí ar Chlár Comórtha na hOllscoile. Tá an Dr Conor McNamara lonnaithe in Institiúid de Móra agus tabharfaidh sé faoi thaighde ar Éirí Amach 1916 agus a chomhthéacs i gCo. na Gaillimhe agus in Iarthar na hÉireann. Cuirfidh sé catalóg acmhainní le chéile, i mBéarla agus i nGaeilge, bunaithe ar chartlanna na hOllscoile agus ar fhoinsí eile, d’fhonn taighde a éascú amach anseo ar réabhlóidithe 1916-23. I gcaitheamh na bliana, oibreoidh sé le grúpaí pobail áitiúil ar fud na tíre, agus cabhróidh sé le taispeántas a chur le chéile d’fhonn ról na Gaillimhe sa Chogadh Mór agus i Réabhlóid na hÉireann a cheiliúradh.
Dúirt an Dr Mary Harris, Léachtóir Sinsearach le Stair in OÉ Gaillimh agus Comhordaitheoir Chlár Comórtha 1916 OÉ Gaillimh: “Ba i gCo. na Gaillimhe a tharla an slógadh is mó lasmuigh de Bhaile Átha Cliath i rith Sheachtain na Cásca 1916, áit ar éirigh os cionn 600 fear agus bean amach. Ba é aisling na Poblachta a bhí mar threoir ag cuid acu, bhí cuid eile spreagtha ag leasú chóras na talún. Sna blianta roimhe sin, áfach, bhí íomhá níos rómánsúla d’Iarthar na hÉireann acu siúd a bhí bainteach le hathbheochan na Gaeilge agus leis an athbheochan Angla-Éireannach; dar leo bhí sé mar stór den fhíorchultúr Gaelach. Leis an gclár comórtha seo déantar scrúdú ar imeachtaí 1916 ó pheirspictíochtaí éagsúla ar leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.”
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi imeachtaí OÉ Gaillimh chun Éirí Amach 1916 a chomóradh téigh chuig www.nuigalway.ie/anationrising.
-Críoch-