Ceapacháin á ndéanamh ag an Aire Humphreys chuig Bord Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann
Tá sé fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Máirt) go bhfuil seachtar gnáthbhall nua ceaptha aici chuig Bord Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann.
Beidh éifeacht leis na ceapacháin seo a leanas láithreach:
- Lynda Carroll
- Michael Cush
- Jacqueline Hall
- Gary Jermyn
- Ann Prendergast
- Lesley Tully
- Barney Whelan
Chuir na ceapaithe go léir isteach ar na poist trí www.stateboards.ie agus moladh tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí go raibh na scileanna riachtanacha acu le haghaidh Bord Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann.
Ar na scileanna riachtanacha bhí cuntasaíocht, taithí gnó, rialachas corparáideach, forbairt straitéiseach, tiomsú airgid/caidreamh poiblí agus margaíocht agus scileanna gairmiúla nó acadúla. Is do théarma 5 bliana a dhéantar na ceapacháin.
Caithfidh an bord vóta chun Cathaoirleach nua a thoghadh.
Beidh na ceapaithe nua ag glacadh a n-áiteanna ar an mbord in éineacht leis na baill atá air cheana:
- Stephen Mc Kenna (ainmní an Acadaimh Ibeirneach Ríoga)
- Vivienne Roche (ainmní an Acadaimh Ibeirneach Ríoga)
- Mick O’Dea (Uachtarán an Acadaimh Ibeirneach Ríoga)
- Bernie Brennan (Ex officio, RDS)
- Matthew Dempsey (Ex officio, RDS)
- Mary Daly (Ollamh) (Ex officio, Uachtarán Acadamh Ríoga na hÉireann)
- Cathaoirleach Oifig na nOibreacha Poiblí
- Margaret Glynn
- Mary Keane
- Suzanne Mcdougald
Críoch