20/10/15

Tuairisc measúnachta á bhfoilsiú ag an Aire Humphreys maidir le scannánaíocht ar Sceilg Mhichíl

Tá tuairisc seolta inniu (Dé Luain) ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, ar an scannánaíocht a rinneadh le déanaí ar Sceilg Mhichíl, ar suíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO é, chomh maith le Séadchomhartha Náisiúnta agus Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA) le haghaidh fiadhúlra. Bhí an tuarascáil curtha le chéile ag saineolaithe ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) agus Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta (SSN), le hionchur ó Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP).

Chaith Lucasfilm trí lá ag scannánú ar Sceilg Mhichíl go luath i mí Mheán Fómhair. Bhí saineolaithe ón SPNF, ón OOP agus ón SSN ann an t-am ar fad chun maoirseacht a dhéanamh, faoi choinníollacha diana comhshaoil agus éiceolaíochta. Fuarthas sa tuarascáil gur chloígh Lucasfilm go hiomlán leis na 16 bhearta cosanta a leagadh amach faoin gcead scannánaíochta.

Tá sé ráite sa tuairisc nach raibh aon iarmhairtí diúltacha ag an scannánaíocht ar éin mhara, ar a ngnáthóga nó ar aon bhithéagsúlacht eile ar an oileán. Fuarthas freisin nach raibh aon impleacht ag na gníomhaíochtaí ar Shárluach Uilíoch na Réadmhaoine Oidhreachta Domhanda agus nach raibh aon tionchar acu ar an Séadchomhartha Náisiúnta.

Tá cur síos sa tuairisc ar dhá eachtra bheag, mar a leanas:

  • Chuaigh muinchille duine den chriú i bhfastó ar chloch ar an mbealach isteach chuig ‘Gairdín Uachtarach na Manach’. Tharla sé gur chuir cuairteoir chuig an oileán an cloch chéanna as áit i lár mhí an Mheithimh. Rinne saoir chloiche de chuid an OOP an oscailt a dheisiú láithreach.
  • Doirteadh braon beag de phéint uiscebhunach chaolaithe ar charraigeacha cóngarach don ‘Bhean Chaointe’. Úsáideadh pillíní doirte an-súiteacha leis an leacht a ghlanadh láithreach. Cuireadh uisce glan air freisin. Níor cuireadh isteach ar neadacha ar aon bhealach.

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Leagtar amach sa tuairisc seo an cur chuige críochnúil a bhí ag na saineolaithe a bhí ag déanamh maoirseachta ar an scánnánaíocht, ar an bhfoireann agus ar an gcriú le linn na trí lá scannánaíochta an mhí seo caite. Cloíodh go hiomlán leis na coinníollacha diana a bhí leagtha síos ag mo Roinn, rud a chinntigh nach raibh aon tionchar diúltach ar an Suíomh Oidhreachta Domhanda.

“Láimhseáladh an dá eachtra bheag a tharla láithreach, agus ní bheidh aon tionchar fhadtéarmach ná aon iarmhairt éiceolaíochta dá laghad acu. Le fírinne, ní raibh níos mó bagairte i gceist don oileán ná mar a bhíonn i gceist leis an 180 duine a thugann cuairt air gach lá le linn an tséasúir turasóireachta.

“Tá mé an-dáiríre faoi mo dhualgas ó thaobh fiadhúlra an oileáin agus an Séadchomhartha Náisiúnta féin a chosaint. D’oibrigh mo Roinn i gcomhar le Lucasfilm ar feadh míonna sular cheadaigh mé an tionscadal, lena chinntiú go mbeadh gach cosaint a bhí riachtanach i bhfeidhm againn. Cruthaíodh arís leis an tionscadal seo gur féidir timpeallachtaí nádúrtha agus scannánaíocht a mheascadh, fad is atá na próisis chearta i bhfeidhm.

“Táim ag súil go mór le heisiúint scannán nua Star Wars níos faide anonn i mbliana, nuair a fheicfidh lucht féachana idirnáisiúnta íomhánna de cheann de na gnéithe nádúrtha agus stairiúla is gleoite in Éirinn. Is cinnte gur bliain an-spreagúil a bheidh in 2016 do scannánaíocht na hÉireann, agus tar éis cinneadh an Aire Airgeadais sa Cháinaisnéis an uasteorainn do scannáin faoi Alt 481 a mhéadú, tá súil agam go mbeimid in ann tuilleadh mórthionscadal a mhealladh anseo sna míonna amach romhainn.”

CRÍOCH

 

Nótaí do na hEagarthóirí

Is féidir teacht ar an tuarascáil anseo: http://www.ahg.gov.ie/app/uploads/2015/10/sceilg-mhichil-world-heritage-site-filming-report.pdf

Tá sé i gceist ag an Roinn an tuarascáil a chur ar fáil do UNESCO agus don Choimisiún Eorpach. Cuireadh na pleananna scannánaíochta in iúl don dá fhoras sin roimh ré.

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service