Cead faighte ag an Aire Mhic Unfraidh ón Rialtas le Canáil Uladh a athchóiriú ó Loch Éirne Uachtarach go Caisleán Shandarsan
Cabhróidh an tionscadal €2 mhilliún le turasóireacht agus le cruthú post sa cheantar teorann
Tá cead faighte inniu (Dé Máirt) ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh T.D., le Canáil Uladh a athchóiriú ó Uiscebhealach na Sionainne na hÉirne go dtí Ionad Idirnáisiúnta na nGasóg ag Caisleán Shandarsan, gar do Bhéal Tairbirt i gCo. an Chabháin.
Beidh Uiscebhealaí Éireann, Comhlacht Forfheidhmithe Thuaidh/Theas atá cómhaoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann, ag tabhairt faoin tionscadal, a mheastar a chosnóidh tuairim is €2 mhilliún. Mar gheall go mbeidh an tionscadal á mhaoiniú as acmhainní Uiscebhealaí Éireann féin, ní bheidh gá le cistiu breise ón Státchiste.
Dúirt an tAire Mhic Unfraidh an méid seo inniu:
"Tá lúcháir orm gur aontaigh an Rialtas le mo thogra i ndáil leis an chuid de Chanáil Uladh a cheanglaíonn uiscebhealach na Sionainne na hÉirne le Caisleán Shandarsan a athchóiriú. D'fhéadfadh an tionscadal seo luas a chur le hathchóiriú an cheantair teorann seo go ginearálta. Cuirfear áis áineasa nua den scoth ar fáil do phobail áitiúla agus ba chóir go meallfar líon mór turasóirí leis.
"Beidh tionchar an-dearfach ag an tionscadal seo i gceantar atá go fóill ag teacht chuige féin i ndiaidh torthaí fadtéarmacha na dTrioblóidí. Léiríonn sé go bhfuil an Rialtas tiomanta d'infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail a rachaidh chun tairbhe do phobail ar an dá thaobh den teorainn. Is sampla den scoth é seo de thacaíocht agus comhoibriú thras-teorann.
"Leis an tionscadal, cuirfear borradh faoi thurasóireacht agus cruthú post sa cheantar teorann seo, a bhfuil go leor fulaingthe aige ó thaobh dhíothú eacnamaíochta de. Tá féidearthacht shuntasach fáis i margadh turasóireachta na n-uiscebhealaí agus níl aon amhras orm nach go dtarraingeofar líon mór cuairteoirí chuig an gceantar le hathoscailt an chuid seo den chanáil.
"Tá athchóiriú an stráice seo de Chanáil Uladh, atá 2.5 ciliméadar ar fhad, ar tí tosú, mar go bhfuil an chuid is mó den obair ullmhúcháin críochnaithe cheana féin. Ós rud é go bhfuil cead pleanála faighte cheana, táim ag tnúth leis go mbogfaidh an tionscadal chun cinn gan aon mhoill ar mhaithe le pobail áitiúla ar dhá thaobh na teorann."
CRÍOCH
Cúlra:
Tá Canáil Uladh ar cheann den dá uiscebhealach a thrasnaíonn an teorainn; is é uiscebhealach na Sionainne na hÉirne an ceann eile, a athosclaíodh sna 1990í. Nuair a osclaíodh ar dtús í in 1841, ba í Canáil Uladh an mór-uiscebhealach deireanach a tógadh in Éirinn, agus thrasnaigh sí Fear Manach, an Cabhán, Muineachán agus Tír Eoghain. Is é anois an t-aon uiscebhealach dá leithéid nach bhfuil athchóirithe.
Mar chuid den fhorbairt a ceadaíodh inniu, déanfar stráice 2.5 ciliméadar den chanáil ó Loch Éirne Uachtarach go Caisleán Shandarsan, gar do Bhéal Tairbirt i gCo. an Chabháin, a athchóiriú. Tá cead pleanála faighte ó na húdaráis ábhartha sa dá dhlínse.
Léirítear i bhfianaise as foinsí eile, lena n-áirítear Uiscebhealach na Sionainne na hÉirne, an tionchar dearfach a bhíonn ag athoscailt canálacha agus ag an airgead a tharraingítear chuig an gceantar i ndáil le deiseanna gnó agus deiseanna forbartha pobail a chruthú.
Ionad Idirnáisiúnta na nGasóg
Breathnaítear ar Ionad Idirnáisiúnta na nGasóg i gCaisleán Shandarsan, a chuimsíonn 30 acra, mar cheann de na hionaid campála gasóg is fearr san Eoraip agus tá sé d'acmhainn aige níos mó ná 1,000 campálaí a óstáil ar an láthair. Sa bhliain 2014 amháin, thug níos mó ná 12,500 duine cuairt ar an ionad.
Cuirfear deiseanna ar fáil leis an tionscadal athchóirithe d'Ionad Idirnáisiúnta na nGasóg agus d'úsáideoirí eile úsáid a bhaint as an gcanáil.