An tAire Mhic Unfraidh ag taisteal go hAlbain do Chruinniú Mullaigh Idirnáisiúnta Cultúir Dhún Éideann agus Mórthaispeántas Chultúr Éireann
Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, ag taisteal go hAlbain tráthnóna inniu (Dé Céadaoin) le páirt a ghlacadh i gCruinniú Mullaigh Idirnáisiúnta Cultúir Dhún Éideann agus freastal ar thaibhithe de chuid ealaíontóirí Éireannacha atá ag cur a sathaoir i láthair le linn Féilte Dhún Éideann le tacaíocht ó Chultúr Éireann.
Casfaidh an tAire Humphreys le Fiona Hyslop MSP, an Rúnaí Comh-aireachta Cultúir, Turasóireachta agus Gnóthaí Eachtracha. Beidh an tAire Humphreys ar dhuine de níos mó ná 40 Aire Cultúir as gach cearn den domhan a bheidh ag glacadh páirte sa Chruinniú Mullaigh um an Chultúir, ina mbeidh seisiúin maidir lenár n-oidhreacht chultúrtha a chosaint, acmhainní a chur ar fáil d’earnáil an chultúir i dtréimhsí dúshlánacha agus bacainní a shárú i leith rannpháirtíocht chultúrtha.
Tá Cultúr Éireann ag tacú le sé sheó Éireannacha trína Chlár Mórthaispeántais ag Féilte na bliana seo i nDún Éideann. Beidh an tAire Humphreys ag freastal ar cheithre cinn de na seónna sin mar chuid dá turas.
Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
"Le Féilte Dhún Éideann tugtar deis luachmhar d'ealaíontóirí na hÉireann a gcuid oibre a chur ar taispeáint do lucht féachana iléagsúil idirnáisiúnta. Tá roinnt de scothealaíontóirí amharclannaíochta agus damhsa na hÉireann páirteach sna sé sheó atá ag fáil tacaíocht ó Chultúr Éireann.
"Tá aitheantas tugtha cheana féin do chaighdeán na n-ealaíontóirí Éireannacha i nDún Éideann i mbliana, mar shampla nuair a ghnóthaigh Remember to Breathe le hOrla Murphy Gradam Lustrum agus nuair a ainmníodh Lïnger le Breandán de Gallaí don Ghradam Total Theatre i gcatagóir an damhsa. Le blianta beaga anuas, d’éirigh le healaíontóirí agus comhlachtaí a bhí ar chlár Chultúr Éireann rath agus moladh idirnáisiúnta a bhaint amach, rud a tharraing aird ar an tábhacht a bhaineann le tacú le healaíontóirí Éireannacha a gcuid saothar a chur ar taispeáint i nDún Éideann.
“Tráthnóna amárach, beidh ócáid speisialta dar teideal Unbound á reáchtáil ag Éigse Éireann, mar chuid d’Fhéile Leabhar Idirnáisiúnta Dhún Éideann. Tá tacaíocht á tabhairt ag Cultúr Éireann don ócaid, mar chuid d’Eire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain.
“Le Cruinniú Mullaigh Idirnáisiúnta Cultúir Dhún Éideann cuirtear deis luachmhar ar fáil le roinnt de na príomhdhúshláin agus na príomhdheiseanna atá ann don chultúir agus don oidhreacht a phlé le hairí ealaíon agus cultúir eile as áiteanna ar fud an domhain.
“Táim ag súil go mór freisin le casadh le Fiona Hyslop, le ceisteanna atá tábhachtach d’Éirinn agus d’Albain araon a phlé, lena n-áirítear impleachtaí an vóta chun imeachta i Reifreann an AE-RA.”
CRÍOCH