24/02/15

24/02/2015 PolskaÉire 2015, an Fhéile náisiúnta Pholannach-Éireannach, á seoladh ag an Aire Stáit do Chomhionannas, Leascheann Misin Ambasáid na Polainne agus POF an FAI

Rinneadh PolskaÉire 2015, an fhéile náisiúnta Pholannach-Éireannach a bheidh ar siúl le linn an tseachtain dheireanach de Mhárta ag an am céanna leis an gcluiche cáilithe UEFA idir Phoblacht na hÉireann agus an Pholainn, a sheoladh inniu i Staid an Aviva ag an Aire Stáit do Phobail Nua, Cultúr agus Comhionannas, Aodhán Ó Ríordáin T.D., Leascheann Misin Ambasáid na Polainne i mBaile Átha Cliath agus POF Chumann Peile na hÉireann.

Agus é ag labhairt ag an seoladh, dúirt an tAire Stáit do Phobail Nua, Cultúr agus Comhionannas, Aodhán Ó Ríordáin TD, an méid seo a leanas:

"Tá lúcháir orm an tionscadal seo a stiúradh agus tá mé ag tnúth go mór leis an gclár imeachtaí a mhairfidh seachtain iomlán i mí Mhárta.

Is é atá mar bhunús ag an fhéile seo an éagsúlacht a thugann muintir na Polainne go hÉirinn a cheiliúradh.  Tá 150,000 Polannach ina gcónaí anseo anois, rud a fhágann gurb í an Pholainnis an dara teanga is mó a labhraítear ar an oileán seo.

Sílim go bhfuil sé tábhachtach go n-aithníonn muid an ról speisialta atá ag pobal na Polainne anseo in Éirinn agus is chuige sin atá an fhéile seo.

Tá mé thar a bheith buíoch as an dtiomantas atá léirithe ag na heagraíochtaí a bhí páirteach go dtí seo, go háirithe mo ranna féin - an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais - chomh maith le hAmbasáid na Polainne, Cumann Peile na hÉireann, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus údaráis áitiúla eile, cumainn Pholannacha, clubanna spóirt agus grúpaí cultúir ar fud na tíre.  Is féile í seo atá faoi thiomáint ag an bpobal i ndáiríre agus tá cuireadh ag gach duine in Éirinn páirt a ghlacadh inti."

Dúirt Piotr Rakowski, an Leascheann Misin in Ambasáid na Polainne i mBaile Átha Cliath: "Tá Ambasáid na Polainne i mBaile Átha Cliath an-spreagtha ag an Fhéile Pholannach-Éireannach seo atá le teacht, an tionscnamh imeasctha is mó in Éirinn a raibh baint againn leis go fóill. Tá muid bródúil go bhfuil muid páirteach ann agus tá súil againn go neanfar an fhéile a reáchtáil gach bliain amach anseo.

Aithnítear leis an tionscnamh seo an tábhacht a bhaineann le himeascadh ár ndaoine agus tugtar cuireadh do mhuintir na hÉireann agus muintir na Polainne páirt a ghlacadh i gcomhráití agus imeachtaí d'fhonn saibhreas agus ilchineálacht ár gcultúir, ár n-eitneachtaí, ár dtraidisiúin, ár spóirt, ár mbia agus ár n-ealaíona a thabhairt le chéile le linn aon seachtain amháin.

Ar ndóigh, cuireann inimircigh na Polainne go mór le forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha na hÉireann agus tacóidh muidinne, mar Ambasáid na Polainne, leis an imeascadh iontach seo amach romhainn.

Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháíl le gach duine atá agus a bheidh páirteach san fhéile. Gan sibh, ní fhéadfaí an tionscnamh náisiúnta iontach seo a chur ar siúl."

Arsa John Delaney, POF Chumann Peile na hÉireann:

"Tá lúcháir orainn bheith ag tacú le Féile PolskaÉire 2015 agus tréaslaímid leis an Aire Stáit do Phobail Nua, Cultúr agus Comhionannas, Aodhán Ó Ríordáin, as an tionscnamh.

Cuireann daoine Polannacha go mór lenár sochaí in Éirinn, agus cuirfidh an fhéile seo, ina chuimsítear ceol, litríocht, filíocht, amhránaíocht, damhsa, na healaíona agus, ar  ndóigh, spórt, deis ar fáil leis na caidrimh dhlútha atá forbartha idir an dá thír, go háirithe le deich mbliana anuas, a chur ar taispeáint."

 

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service