Fógra foilsithe ag Aire Stáit na Gaeltachta faoin bpróiseas pleanála teanga maidir le Daingean Uí Chúis
D'fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne T.D., inniu go bhfuil sé ar intinn aige Daingean Uí Chúis, Co Chiarraí a ainmniú mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ach plean teanga a bheith aontaithe agus curtha i bhfeidhm don bhaile.
Dúirt an tAire Stáit: “Le foilsiú an fhógra seo, cuirfear tús leis leis an bpróiseas pleanála teanga mar a bhaineann sé le Daingean Uí Chúis. Fágann sé seo go mbeidh eagraíocht á roghnú ag Údarás na Gaeltachta go gairid chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú don bhaile. Os rud é gurb é seo an chéad bhaile a mbeidh ullmhú plean teanga ag tosú ann faoin bpróiseas pleanála teanga, is céim eile chun cinn é i gcur i bhfeidhm an phróisis”.
Dúirt an tAire Stáit go bhfuil sé ag súil leis go mbeidh na páirtithe leasmhara ar fad atá in ann tionchar a imirt ar an scéal sásta chun páirt ghníomhach a imirt chun an Ghaeilge a threisiú tuilleadh i nDaingean Uí Chúis – rud a bheidh chun leasa na Gaeilge agus an bhaile araon.
Tar éis próiseas comhairliúcháin a eagrú i samhradh 2014, seo a leanas an liosta bailte a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna bailte faoi leith:
| Contae | Baile |
| Dún na nGall | Leitir Ceanainn, An Clochán Liath agus Baile Dhún na nGall |
| Maigh Eo | Béal an Mhuirthead, Baile an Róba agus Caisleán an Bharraigh |
| Gaillimh | Cathair na Gaillimhe agus An Clochán |
| Ciarraí | Daingean Uí Chúis, Trá Lí agus Cathair Saidhbhín |
| Corcaigh | Cathair Chorcaí agus Maigh Chromtha |
| Port Láirge | Dún Garbhán |
| An Mhí | Baile Átha Buí agus An Uaimh |
Tá obair idir lámha ag Foras na Gaeilge chun go dtosóidh an próiseas i gCathair na Gaillimhe agus Leitir Ceanainn chomh luath is féidir.
Faoin bpróiseas tabharfar tréimhse suas le mí go dtí 10 Samhain sa chás seo, d'eagraíochtaí chun iarratais a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta le bheith roghnaithe mar eagraíocht chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú don bhaile.
Uair amháin go gceaptar eagraíocht faon bpróiseas go ginearálta, beidh suas le 2 bhliain acu chun plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne agus tréimhse 7 mbliana ag an eagraíocht ansin chun an plean teanga aontaithe a chur i bhfeidhm le cabhair ó Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge - dé réir mar a oireann. Déanfaidh an Roinn athbhreithniú tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm pleananna le linn na 7 mbliana sin.
Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas pleanála teanga ar fáil ar shuíomh na Roinne: www.ahrrga.gov.ie
CRÍOCH