Fógraíonn an tAire Stáit Kyne maoiniú do líonraí Gaeilge agus do bhailte seirbhíse Gaeltachta
Fógraíonn an tAire Stáit Kyne maoiniú do líonraí Gaeilge agus do bhailte seirbhíse Gaeltachta
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha, Seán Kyne TD, go bhfuil maoiniú de €85,000 ceadaithe aige d’Fhoras na Gaeilge chun tús a chur leis an phróiseas pleanála teanga chun trí Líonra Gaeilge agus dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a aithint faoi Acht na Gaeltachta 2012.
Beidh an maoiniú seo ina thacaíocht do chúig ghrúpa pobail agus iad i mbun na pleanála teanga ar bhonn áitiúil. Íocfar trí dheontas, suas go €15,000 an ceann, i leith iarratas rathúil ó Mhuintir Chrónáin Teo (Cluain Dolcáin), An Clár as Gaeilge (Inis) agus Gaeilge Locha Riach (Baile Locha Riach) chun pleananna teanga áitiúla a ullmhú chun críche aitheantas a bhaint amach mar Líonra Gaeilge. Freisin, íocfar dhá dheontas, suas go €20,000 an ceann, i leith iarratas rathúil ó Leitir Ceanainn agus cathair na Gaillimhe chun críche aitheantas a bhaint amach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh sé an-sásta go raibh sé ar a chumas an maoiniú seo a cheadú d’Fhoras na Gaeilge chun an próiseas pleanála teanga a threisiú tuilleadh. “Don gcéad uair riamh, beidh aitheantas reachtúil á thabhairt do phobail teanga lasmuigh don Ghaeltacht mar Líonra Gaeilge agus mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta as pleananna fónta a chur i gcrích, pleananna a rachaidh chun sochair go mór don Ghaeilge. Guím gach rath ar na páirtithe uilig a bheidh gníomhach sa phróiseas seo,” a dúirt an tAire Stáit.
Dúirt an tAire Stáit freisin gur céim mhór eile chun cinn í seo maidir le spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a chur chun cinn agus go raibh sé tábhachtach na tacaíochtaí cuí a chur ar fáil don phleanáil teanga i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair lasmuigh di araon.
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí:
Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá sé i gceist go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo. Beidh an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht. Beidh deis ag ceantair lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta aitheantas reachtúil a bhaint amach mar Líonraí Gaeilge nó mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, faoi réir critéir áirithe a bheith comhlíonta acu.
Tuilleadh eolais ar fáil ag http://www.ahg.gov.ie/ga/gaeltacht/