Aire Stáit McHugh agus Michael McDowell le Clár Chomóradh 2016 Chonradh na Gaeilge a sheoladh i gColáiste na Tríonóide
Seolfaidh an tAire Stáit um Ghnóthaí Gaeltachta Joe Mc Hugh T.D. agus Michael McDowell, abhcóide sinsir, iar-Aire Dlí agus Cirt, agus garmhac Eoin Mhic Néill, Clár Chomóradh 2016 Chonradh na Gaeilge mar chuid den snáithe An Teanga Bheo de chuid Chlár Comórtha Céad Bliain Éire 2016, in Áiléar Eolaíochta Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath ar 6.00in inniu (Dé Luain, 23 Samhain 2015).
Deir an tAire Stáit um Ghnóthaí Gaeltachta Joe Mc Hugh T.D.: “Reáchtálfar an clár cuimsitheach atá beartaithe ag Conradh na Gaeilge mar chuid de shnáithe Gaeilge Chlár Comórtha Céad Bliain Éire 2016 dar teideal An Teanga Bheo. Bhain an athbheochan chultúrtha, agus ról agus tábhacht ár dteanga dhúchais go smior le fís cheannairí 1916. Is iontach an rud é go mbeidh ár dteanga á spreagadh le beocht as an úr, ní hamháin mar chuid den snáithe An Teanga Bheo, ach í fite fuaite trí shnáitheanna uilig an chláir ar an bhliain seo chugainn. Tá An Teanga Bheo bunaithe ar an chomhpháirtíocht, comhpháirtíocht idir mo Roinnse agus Conradh na Gaeilge sa chás seo, agus tá mé ag tnúth leis an chlár a fheiceáil de réir mar a thiteann sé amach sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.”
Deir Michael McDowell, Abhcóide Sinsir: “Is muide atá inár n-oidhrí ar an nGaeilge agus ar ár gcultúr Gaelach agus anois is linne an dúshlán iad a choimeád beo agus iad a chaomhnú agus a fhorbairt. Is é an dúshlán sin an dúshlán céanna a bhí roimh bhunaitheoirí an Chonartha céad bliain ó shin agus tá an dúshlán sin chomh mór agus chomh deacair inniu ná mar a bhí dóibhsean ag an am sin.”
Mar chuid de Chlár Chomóradh 2016 Chonradh na Gaeilge, tá 15,000 leathanaigh den iris is mó tionchar sa tréimhse roimh an Éirí Amach – An Claidheamh Soluis – á ndigitiú ag an gConradh, fad agus atá atheagar á chur ar ábhair chartlainne an Chonartha agus cuid den bhailiúchán á cur ar fáil ar-líne den chéad uair. Beidh sraith de sheimineáir dhátheangacha dar teideal Plé 16 á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge ar fud na hÉireann agus thar lear chomh maith, seimineáir a dhíreoidh ar an ról lárnach a ghlac baill an Chonartha sna himeachtaí roimh an Éirí Amach, ar an tsaoirse inchinne a bhí fite fuaite le gluaiseacht na Gaeilge, ar ról na mban san Athbheochan Chultúrtha, agus ar thodhchaí an chultúir Ghaelaigh. Reáchtálfar Féile na Físe sna scoileanna ar Lá an Fhorógra an bhliain seo chugainn (15 Márta 2016) mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, an fhéile Ghaeilge idirnáisiúnta, agus beidh ceardlanna idirghníomhacha ar siúl mar chuid de Sheó Bóthair Chonradh na Gaeilge sna scoileanna, fad agus a bheidh taispeántas soghluaiste speisialta ag taisteal ó cheann ceann na hÉireann agus thar sáile i gcaitheamh na bliana 2016.
Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá ríméad orainn go bhfuil Clár Chomóradh 2016 Chonradh na Gaeilge á sheoladh i gColáiste na Tríonóide, alma mater Dhúbhglas de hÍde, duine de bhunaitheoirí an Chonartha, i láthair gharmhac le hEoin Mac Néill, duine eile dár mbunaitheoirí, agus trasna an bhóthair ón teach inar rugadh na Piarsaigh. Tá muinín agam go gcuirfidh an réimse leathan, ilghnéitheach imeachtaí agus tograí atá beartaithe againn don chomóradh céad bliain go mór lenár dtuiscint ar an ról lárnach a bhí ag an nGaeilge agus ag baill Chonradh na Gaeilge sa stair, agus go spreagfaidh sé fiú níos mó spéise i measc na glúine seo sa teanga s’againn.”
CRÍOCH