Próiseas iarratais phoiblí maidir le ceapadh bhord nua Údarás na Gaeltachta fógartha ag an Aire Stáit McHugh
D'fhógair Joe McHugh, T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin go bhfuil tús curtha inniu (19 Deireadh Fómhair 2017) leis an bpróiseas faoina mbeidh an deis ag baill an phobail iarratas a dhéanamh le bheith ceaptha ar bhord nua Údarás na Gaeltachta.
Dúirt an tAire Stáit: "Ós rud é go dtiocfaidh deireadh le saolré bhord reatha an Údaráis ar 19 Samhain, tá tús á chur inniu leis an phróiseas faoina mbeidh an deis ag baill an phobail iad féin a chur chun áireamh le bheith ceaptha ar an mbord. Is faoi stiúir na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí a eagrófar an próiseas iarratais i gcomhréir leis na Treoirlínte do Cheapacháin ar Bhoird Stáit. Féachfar chuige, dá réir, go mbeidh an deis ag daoine leis an taithí agus na scileanna cuí, iad féin a chur chun tosaigh le bheith san áireamh le haghaidh ceapacháin.”
Tá tuilleadh eolais maidir leis an bpróiseas agus conas iarratas a dhéanamh ar an suíomh idirlín: www.stateboards.ie. Ní foláir iarratas a bheith déanta tráth nach déanaí ná 9 Samhain 2017 ag 15:00.
CRÍOCH
Nóta don Eagarthóir
Ceapadh an bord reatha i mí na Samhna 2012 agus ós rud é go maireann an bord ar feadh tréimhse cúig bliana, tiocfaidh deireadh le tréimhse feidhme an bhoird reatha ar 19 Samhain. Faoi réir Acht na Gaeltachta 2012, is bord de dhá dhuine dhéag atá ag Údarás na Gaeltachta. Ceapann an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta seachtar de na comhaltaí, an Cathaoirleach san áireamh.
Maidir leis an gcúigear comhalta eile, ainmníonn na húdaráis áitiúla, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, an cúigear comhalta sin don Aire i gcomhair ceapacháin. Tá an próiseas mar a bhaineann sé le hainmniúcháin na n-údarás áitiúil idir lámha cheana féin.
Faoi réir an Achta, ní rachaidh téarma oifige na gcomhaltaí thar tréimshe chúig bliana agus ní cheapfar comhaltaí chun oifige ar feadh níos mó ná dhá théarma i ndiaidh a chéile.