Fógraíonn an tAire Stáit McHugh deontas reáchtála €50,000 do Chomhairle Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS)
Déardaoin 8 Deireadh Fómhair 2015: D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., inniu go bhfuil deontas de €50,000 ceadaithe aige do CONCOS chun go mbeadh sé ar a gcumas Feidhmeannach Forbartha a fhostú ar feadh bliain eile.
Dúirt an tAire Stáit McHugh agus é ag fógairt an deontais, “Tuigim chomh tábhachtach don Ghaeilge agus d’eacnamaíocht na Gaeltachta atá tionscal na gColáistí Samhraidh agus an ról lárnach atá á imirt ag CONCOS i gcur chun cinn an tionscail sin. Tá áthas orm a bheith in ann cabhrú leo san obair sin.”
Críoch