An tAire Stáit Ó Ríordáin chun páirt a ghlacadh i gcuimhneachán Gallipoli
Glacfaidh an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Aodhán Ó Ríordáin TD, páirt i seirbhís chuimhneacháin speisialta arna eagrú ag an Somme Association ag Green Hill Cemetery in Gallipoli Dé Máirt, an 6 Deireadh Fómhair 2015. Leis an tseirbhís déanfar fir an 10ú Rannáin (Éireannach) a ghlac páirt i bhFeachtas Gallipoli a thabhairt chun cuimhne agus a onórú.
Leagfaidh an tAire fleasc thar ceann Rialtas agus mhuintir na hÉireann ag an tseirbhís chuimhneacháin agus déanfaidh sé, in éineacht le hUachtarán an Somme Association, Diúc Gloucester, plaic a nochtadh i gcuimhne orthu siúd a bhí ar fiannas.
Tá an chuairt seo ag teacht sna sála ar chuairt íocónach an Uachtarán Mary McAleese agus Diúc Gloucester, ar an 95ú Chomóradh d'fheachtas Gallipoli sa bhliain 2010.
Agus é ag labhairt inniu, dúirt an tAire:
"Cuirim fáilte roimh an deis seo ionadaíocht a dhéanamh don Rialtas agus do mhuintir na hÉireann ar chuimhneachán céad bliain seo feachtas Gallipoli, agus táim ag tnúth leis. Tá sé tábhachtach go dtabharfaimid aitheantas do ról an 10ú Rannán Éireannach agus go gcuimhneoimid orthusan agus orthu siúd go léir a bhí páirteach ann agus a thug a mbeatha in Gallipoli le linn na míonna seo sa bhliain 1915."
Leis an gcuairt seo cuirfear críoch le clár comórtha oifigiúil an Rialtais i ndáil le feachtas Gallipoli, inar thug an tUachtarán, Micheál D. Ó hUigínn, cuairt ar Gallipoli i mí Aibreáin le haghaidh sraith d'imeachtaí comórtha, lena n-áirítear comhchuimhneachán an Chomhlathais agus na hÉireann ar an 25 Aibreán. Cuireadh imeachtaí ar siúl in Éirinn chomh maith lena n-áirítear seoladh shuíomh gréasáin tiomnaithe Gallipoli, arna oibriú ag Century Ireland.
Críoch