Clár Scoile Éire 2016 le seoladh ag Airí inniu in iar-scoil Phádraig Mhic Piarais
Déanfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, agus an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O'Sullivan TD, inniu (an 22 Meán Fómhair) Clár Scoile Éire 2016 a sheoladh in iar-scoil Phádraig agus Liam Mhic Piarais i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá clár fairsing gníomhaíochtaí, tionscadal taighde, comórtas agus gradam á chur i ngníomh ar fud na tíre i mbunscoileanna agus meánscoileanna ón mhí seo ar aghaidh, mar chuid den snáithe An Óige agus an tSamhlaíocht in Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. Rinneadh an Clár Scoile a fhorbairt i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.
Seo a leanas roinnt buaicphointí de Chlár Scoile Éire 2016:
- Mar chuid den tionscadal 'Forógra do Ghlúin Nua' iarrfar ar mhic léinn forógra nua a chumadh dá scoileanna féin chun luachanna agus mianta ghlúin 2016 a léiriú, ag tosnú le hanailís ar idéil, phrionsabail agus spriocanna Fhorógra 1916.
- Déanfar 'Lá an Fhorógra' speisialta a reáchtáil i ngach institiúid oideachais ar an 15 Márta 2016. Ar an lá seo cuirfidh gach scoil sa tír torthaí an tionscadail 'Forógra do Ghlúin Nua' ar taispeáint, chomh maith leis na tionscadail chruthaitheacha eile bainteach le 1916 atá forbartha ag na mic léinn.
- Le 'Tionscadal Sinsearachta 1916' tabharfar cuireadh do gach mac léinn bunscoile agus iar-bhunscoile a craobh ginealaigh nó a chraobh ginealaigh (nó craobh theaghlach eile) a rianú siar go 1916. Tabharfar spreagadh do mhic léinn fáil amach faoin méid a bhí ag tarlú ina bpobal áitiúil sa bhliain 1916 agus tabhairt faoi aistear fionnachtana, ag baint úsáide as acmhainní ár bhforais chultúrtha náisiúnta.
- Tá raon gradam agus comórtas ealaíon, bunaithe ar théamaí a bhaineann le 1916 nó Éire sa bhliain 2116, forbartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann, agus beidh sé oscailte do gach bunscoil agus iar-bhunscoil ar oileán na hÉireann.
- Tá na Forais Chultúrtha Náisiúnta go léir ag cruthú clár imeachtaí agus gníomhaíochtaí atá spreagúil iléagsúil agus ceaptha go sonrach leis an aos óg agus leanaí a mhealladh chun dul i ngleic le himeachtaí 1916 agus lena bhfís féin mar ealaíontóirí óga den tír a ba mhaith leo a fheiceáil in Éirinn amach anseo a fhiosrú agus a chur in iúl.
Agus í ag labhairt ag ócáid an lae inniu, dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, an méid seo: "Tá sé cuí go bhfuilimid anseo sa scoil ar ar fhreastail duine de shínitheoirí an Fhorógra chun an Clár Scoile a sheoladh, atá ina ghné an-tábhachtach d'Éire 2016. Tá leanaí agus an t-aos óg ag croílar an chomóraidh. D'oibrigh muid leis an Roinn Oideachais agus Scileanna le clár idirghníomhach gníomhaíochtaí a fhorbairt agus tá súil agam go rachaidh sé i gcion ar shamhlaíocht ár ndaoine óga agus go gcuideoidh sé leo machnamh a dhéanamh ar na himeachtaí a tharla 100 bliain ó shin, agus iad ag caitheamh súil chun tosaigh ar an am atá romhainn ag an am céanna. Tá lúcháir orm go bhfuil ár bhForais Chultúrtha Náisiúnta, ar nós na Leabharlainne Náisiúnta agus an Ard-Mhúsaeim, fite fuaite sa chlár scoile, ina bhfuil tionscnaimh a forbraíodh go speisialta le daoine óga agus páistí a mhealladh chun dul i ngleic leis an gClár Comórtha Céad Bliain."
Spreag an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O'Sullivan TD, múinteoirí agus mic léinn as bunscoileanna agus meánscoileanna páirt a ghlacadh sa chlár: "Tá lúcháir orm bheith anseo inniu le Clár Scoile Éire 2016 a sheoladh. Is clár an-spreagúil agus nuálach é ina bhfuil cuid mhór deiseanna do mhúinteoirí agus mic léinn imeachtaí 1916 a fhiosrú agus a scrúdú ach freisin chun todhchaí na hÉireann a shamhlú trí thionscnaimh ar nós Forógra do Ghlúin Nua. Is deis ar fheabhas é freisin do mhic léinn a gcraobh ginealaigh a rianú agus stair rúnda a bpobail áitiúla a fháil amach tríd an dTionscadal Sinsearachta. Cuirfear an iliomad acmhainní ar líne ar fáil do mhúinteoirí agus do mhic léinn ar feadh na bliana agus mholfainn go mór do scoileanna bheith páirteach ann agus bliain speisialta a dhéanamh de 2016."
CRÍOCH
Nóta do na hEagarthóirí
Is ionann Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, atá faoi Stiúir an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., agus clár gníomhaíochta bliana d'fhonn imeachtaí Éirí Amach 1916 a chomóradh, machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach againn le 100 bliain anuas agus súil chun tosaigh a chaitheamh ar thodhchaí na hÉireann.
Is cuid den snáithe An Óige agus an tSamhlaíocht in Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain é Clár Scoile Éire 2016. Tá sé ceaptha le foghlaim rannpháirtíoch ghníomhach ar an stair a éascú, le tionscadail phraiticiúla chomh maith le tionscadail atá bunaithe ar ealaín.
Seo a leanas cuid de na gradaim agus comórtais a bheidh ann do mhic léinn:
- Déanfaidh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann taispeántas speisialta a óstáil i Meán Fómhair 2016, ina mbeidh saothair mhic léinn ar an téama Éire 2116.
- Tugtar cuireadh do mhic léinn dráma gearr a scríobh bunaithe ar aon ghné d'imeachtaí 1916, an taibhiú a scannánú agus an físeán gearr a sheoladh chuig RTÉ. Cuirfear tús le feachtas vótála poiblí leis na drámaí is fearr a roghnú, agus iarrfar ar na buaiteoirí iad a chur ar an ardán in Amharclann na Mainistreach le linn earrach 2016.
- Is é ábhar an Chomórtais speisialta Filíochta 1916 do Leabharlanna agus Iar-bhunscoileanna ná Your Ireland.
- Tá dánta ar théamaí 1916 á moladh le haghaidh an gcomórtas reacaireachta filíochta uile-oileáin Poetry Aloud.
Tá SBC Ré an Iarthair ag ceiliúradh 150 bliain ag plé leis an oideachas ag leibhéal Bunsoile agus Meánscoile araon. Mar phríomhghnéithe éiteas na scoile tá grá don fhoghlaim, do chultúr agus do na healaíona. Tá na céadta iar-dhalta ag an meánscoil, idir an phobal áitiúil agus mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Ba iad na pearsana is mó suntais ó thaobh na staire de ná Pádraig agus Liam Mac Piarais, a d'fhreastail ar an scoil sna 1890í. É sin ráite, bhí baint ag go leor mac léinn de chuid SBC Ré an Iarthair le hÉirí Amach 1916, lena n-áirítear Michael Malone, a bhásaigh sa chath ag Droichead Shráid an Mhóta, iar-bhardasach Bhaile Átha Cliath Peadar Macken (a maraíodh ar Shráid Uí Mhaicín), Daniel Murray (a scaoileadh i gColáiste na Máinlianna agus a fuair bás níos déanaí) agus John O'Reilly as Arm Cathartha na hÉireann a fuair bás sa chomhrac i Halla na Cathrach. Tá SBC Ré an Iarthair an-bhródúil as na traidisiúin agus an stair shaibhir a bhaineann leis an scoil.