Níos mó ná 1,800 imeacht pobail áitiúil beartaithe le haghaidh Éire 2016
31 Phlean Údaráis Áitiúil á seoladh ag an Taoiseach agus an Tánaiste le haghaidh Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain
Tháinig an Taoiseach, Enda Kenny TD, an Tánaiste, Joan Burton TD, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, agus an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Alan Kelly TD, le chéile don seoladh inniu (Déardaoin) de 31 phlean áitiúil agus pobail. Cuimsítear sna cláir níos mó ná 1,800 imeacht agus tionscnamh ar fud na tíre chun cuimhneachán 100 bliain Éirí Amach na Cásca a chomóradh.
Cuireadh na Pleananna Contae le chéile, faoi stiúir líonra na nÚdarás Áitiúil, mar thoradh ar 84 chruinniú comhairliúcháin poiblí a tionóladh ar fud na tíre níos luaithe i mbliana, agus an obair dhian a rinneadh ina dhiaidh sin ag coistí contae agus comhordaitheoirí áitiúla 2016, ach go háirithe, i ngach contae.
Mar chuid de na cláir tá imeachtaí agus tionscnaimh a bhaineann le gach ceann de sheacht snáithe chlár Éire 2016. I measc na n-imeachtaí atá beartaithe tá:
- ‘Project Revolution’ – The Young Voice: Tionscadal uaillmhianach comhoibritheach rannpháirteach amharclannaíochta agus ceoil do dhaoine óga idir 15 agus 19 mbliana d'aois le heagraíochtaí ealaíon don ógra i gCeatharlach, lena n-áirítear Téatar Óige Cheatharlach, Aspiro agus Music Generation, Ceatharlach, VISUAL agus gníomhaireachtaí pobail a oibríonn le scoileanna áitiúla.
- Diverging Loyalties, Áiléar Crawford: Taispeántas lonnaithe i gCorcaigh, ina mbeidh níos mó ná seachtó saothar ealaíne a thabharfaidh léargas ar na hathruithe cultúrtha agus polaitiúla a thit amach in Éirinn le linn an chéad scór bliain den fhichiú haois.
- Aisling - Dreaming Again: Clár comhtháite ealaíon-oidhreachta, ceiliúrtha agus comórtha i gceantar na Saoirse thuaidh i mBaile Átha Cliath, arna thionscain ag gaolta na dtrodaithe ag 'Dún Mhic Aodha', ina mbeidh filí, scéalaithe, ceoltóirí, damhsóirí agus amharc-ealaíontóirí chomh maith le bunadh an cheantair, staraithe áitiúla, scoileanna agus forais chruthaitheacha.
- Cuimhneamh ar Éamonn Ceannt: Caithfear seachtain ag ceiliúradh shaol Éamonn Ceannt, ceoltóir, píobaire, múinteoir agus réabhlóidí, ar fud Chathair na Gaillimhe, le paráid idirnáisiúnta píob agus píobairí mar chríoch le bannaí, ceoltóirí agus taibheoirí as Éirinn, Meiriceá Thuaidh agus an Eoraip.
- Mar chuid d'Fhéile Scannán Chiarraí beidh séasúr speisialta de scannáin lena ndéantar 1916 a chomóradh agus saothair le hinstitiúidí agus scannánóirí áitiúla agus náisiúnta.
- I Leabharlann Jackie Clarke i Maigh Eo cuirfear an bailiúchán ollmhór d'ábhar ó 1916 atá ann ar taispeáint ar feadh na bliana agus déanfar roinnt ábhar a chur ar taispeáint in ionaid eile ar fud an Chontae freisin.
- Is camchuairt amhrán a bhaineann le 1916 é Songs of 1916: A Song Trail of Limerick, arna chruthú agus arna chur i láthair mar chuid de chomhdháil dhomhanda ag an Acadamh Domhanda Ceoil agus Damhsa i Luimneach.
- Revolutionaries In Their Own Right - Women and Revolution: Tionscadal lonnaithe i Ros Comáin lena bhféachtar ar ról na mban as Cumann mBan, Inighinidhe na hÉireann agus Cumann um Chearta Vótála do Mhná na hÉireann san Éirí Amach.
- Breathnú ar léargais na bPobal Nua ar 1916 agus iad a Chomhroinnt: Beidh Fóram Idirchultúrtha Shligigh ag reáchtáil imeachtaí a bhreathnaíonn ar théama na Saoránachta i gcultúir éagsúla, lena n-áirítear aistriúchán an Fhorógra go dtí na teangacha a labhraíonn daoine atá ina gcónaí i Sligeach.
- Ar an 5 agus 6 Márta 2016, cuirfidh an 15 ghrúpa gasóg as contae Chill Mhantáin 500 crann dúchasach thar 16 acra chun comóradh a dhéanamh orthu siúd a fuair bás in 1916.
Ag labhairt dó ag ócáid an lae inniu, dúirt An Taoiseach, Enda Kenny: "Tá a fhios agam gurb ionann an 31 Phlean Contae seo le haghaidh Éire 2016 agus toradh na céadta uair an chloig de mhachnamh, comhairliúchán agus plé inar ghlac na mílte duine ar fud na hÉireann páirt. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil libh go léir as bhur gcuid oibre d'fhonn cinnte a dhéanamh go rachaidh an bhliain seo chugainn i gcion ar ár bpobail go léir agus go ndéanfar saoránacht ghníomhach a cheiliúradh. Baineann scéal agus imeachtaí 1916 linn go léir, beag beann ar pholaitíocht nó cúlra, nó an léamh pearsanta atá againn ar ár stair. Tá mé an-shásta go ndeachaigh na húdaráis áitiúla go croílár na bpobal dá seasann sibhse lena chinntiú gur bliain fhíor-chuimsitheach a bheidh ann ar an bhliain seo chugainn - bliain ina n-éistfear le tuairimí gach saoránach agus ina mbeidh meas orthu."
Chuir an Tánaiste, Joan Burton, lena chuid cainte: "Mar shaoránaigh na Poblachta seo, ní mór dúinn díospóireacht pholaitiúil, plé agus anailís ar na snáitheanna go léir a chuir le cruthú Stát an lae inniu a chur chun cinn. Ta lúcháir orm go ndéanann na Cláir, atá á seoladh anseo inniu ag leibhéal áitiúil, an uileghabhálacht agus éagsúlacht sin a chur chun cinn... Tá lúcháir orm freisin go bhfuil ról na mban in imeachtaí 1916, a ligeadh go mór i ndearmad i gcuimhneachán na bliana 1966, á thabhairt chun cuimhne go dearfach agus tá tionscadail agus tionscnaimh leis an rannpháirtíocht sin a chomóradh le fáil ar fud na bpleananna contae don bhliain seo chugainn."
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys: "Is iad an 31 Phlean Contae d'Éire 2016 an toradh ar cheann de na próisis chomhairliúcháin is mó dá raibh riamh sa Stáit. Bhí mé thar a bheith tógtha leis an leibhéal díocais is spéise ata i bpobail ar fud na tíre; tá fonn ar gach contae a bpáirt féin a bheith acu i gcomóradh céad bliain an Éirí Amach. Tá idir imeachtaí ealaíon agus cultúrtha agus amharclannaíocht ógra, chamchuairteanna staire agus fhéilte scannánaíochta ann, mar sin tá ábhar ann a thaitneoidh le cách sa tsraith imeachtaí seo atá ag fás leis i gcónaí. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na hÚdaráis Áitiúla as an gcomhobair agus an obair dhian atá curtha isteach acu leis na cláir go léir a chur le chéile."
Dúirt an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, Alan Kelly: "Creidim go láidir gur fearr ár bpobail áitiúla a fheabhsú ó bhonn - cé go bhfuil sé ríthábhachtach go dtacaíonn muid leis an gclár náisiúnta a seoladh i mí an Mhárta i mbliana, tá sé an-tábhachtach freisin go dtabharfar deis do gach pobal machnamh a dhéanamh ar a stair féin agus go mbeidh an deis acu freisin todhchaí a bpobail a shamhlú i gcomhréir leis na hidéil atá leagtha amach san Fhorógra".
CRÍOCH
Is ionann Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, atá faoi Stiúir an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., agus clár gníomhaíochta bliana d'fhonn imeachtaí Éirí Amach 1916 a chomóradh, machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach againn le 100 bliain anuas agus súil chun tosaigh a chaitheamh ar thodhchaí na hÉireann.
Tá an 31 phlean áitiúil agus pobail ina bpríomhghné den snáithe Rannpháirtíocht Phobail i gClár Éire 2016, ar cheann den seacht snáithe cláir é mar aon le Searmanais Stáit, Machnamh ar an Stair, An Teanga Bheo, an Óige agus an tSamhlaíocht, Léiriú Cultúrtha agus Éireannaigh ar fud an Domhain agus an Diaspóra.
Cuireadh na Cláir le chéile mar thoradh ar 84 chruinniú comhairliúcháin poiblí a tionóladh ar fud na tíre le linn an earraigh agus ag tús an tsamhraidh.
As an 1,800 imeacht, tagann 161 imeacht faoin Snáithe Searmanais Stáit agus Áitiúla, 540 faoi Mhachnamh ar an Stair, 152 faoi An Teanga Bheo, 213 faoi An Óige agus an tSamhlaíocht, 350 faoi Léiriú Cultúrtha, 302 faoi Rannpháirtíocht Phobail, agus 78 faoi Éireannaigh ar fud an Domhain agus an Diaspóra - agus tá go leor imeachtaí á bpleanáil go foil.
Tá sonraí uile na gClár Contae ar fáil ag www.ireland.ie