Téann an Chartlann Náisiúnta i bpáirt leis an gCónaidhm um Chaomhnú Digiteach
Inniu, chuaigh an Chartlann Náisiúnta i bpáirt leis an gCónaidhm um Chaomhnú Digiteach (DPC). Is tacadóir agus catalaíoch an DPC don chaomhnú digiteach, agus cuireann sé ar chumas a chuid ball rochtain sheasmhach, fhadtéarmach ar ábhar agus seirbhísí a chur ar fáil, agus cuidíonn sé leo fiúntas seasmhach a bhaint as bailiúcháin dhigiteacha.
Is é bunchuspóir na Cartlainne Náisiúnta taifead poiblí na hÉireann a bhailiú, a riar agus a chaomhnú agus a chinntiú go mbeidh sé ar fáil mar acmhainn agus chun cearta an tsaoránaigh a chosaint. Léiríonn infhaighteacht fhadtéarmach an taifid phoiblí trédhearcacht agus cuntasacht sa phróiseas daonlathach.
Agus é ag labhairt inniu, dúirt John McDonough, Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta, 'Cuirfidh an nasc leis an DPC ar chumas na Cartlainne Náisiúnta aghaidh a thabhairt ar nithe ar nós gabháil, coimeád agus caomhnú an taifid phoiblí atá á chur ar fáil níos minice anois i bhformáid leictreonach. Beidh an Chartlann Náisiúnta in ann leas a bhaint as taithí, eolas teicniúil agus forbairt polasaí bhaill an DPC. Cinnteoidh ballraíocht sa DPC go mbeidh seasamh níos fearr ag an gCartlann Náisiúnta agus í ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin shuntasacha atá roimpi sa réimse seo.'
Agus í ina ball anois den DPC, beidh an Chartlann Náisiúnta agus a comhinstitiúidí - an Leabharlann Náisiúnta, chomh maith le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Acadamh Ríoga na hÉireann, Oifig Thaifid Phoiblí Thuaisceart Éireann - ag bogadh i dtreo mais chriticiúil d'institiúidí in Éirinn a bhfuil baint acu leis an iomadú d'ábhar cultúrtha agus riaracháin i bhfoirm dhigiteach nó leictreonach atá ag dul i méid agus leis an ngá atá le bearta a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh sé caomhnaithe agus go mbeidh teacht air i gcónaí mar phríomhghnéithe de stair chultúrtha, shóisialta agus riaracháin an Stáit.
‘Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh an gCartlann Náisiúnta sa DPC,’ a dúirt Laura Mitchell, Cathaoirleach an DPC agus Leas-Choimeádaí Thaifid Náisiúnta na hAlban. “Tá glúin s'againne tar éis infheistíocht mhór a dhéanamh i dteicneolaíochtaí digiteacha agus, mar sin, ní mór dár gcartlanna agus dár leabharlanna a chinntiú go mbeidh na glúine atá romhainn in ann sásamh, iniúchadh agus leas a bhaint as an oidhreacht ollmhór dhigiteach atá cruthaithe againn. Ach ní gan dua a tharlóidh sé. Is mór an ugach dúinn uile i bpobal an chaomhnaithe dhigitigh go bhfuil an Chartlann Náisiúnta tagtha ar bord chun cuidiú leis an iarracht phráinneach, riachtanach seo.”
Críoch