05/07/16

Conradh nua Comhléiriúcháin Chlosamhairc idir Éire agus Ceanada ag teacht i bhfeidhm - an tAire Humphreys

D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, inniu (Dé Máirt) go bhfuil an conradh nua Comhléiriúcháin Chlosamhairc idir Éire agus Ceanada i bhfeidhm anois. Gabhann sé ionad Chonradh Comhléiriúcháin 1989 agus déantar socruithe maidir le scannáin, drámaí teilifíse agus cláir faisnéise comhléirithe ag comhlachtaí léiriúcháin na hÉireann agus Cheanada a uasghrádú agus a fheabhsú go suntasach leis.

Cuideoidh an Conradh nua aitheantas a thabhairt ar oibreacha closamhairc mar oibreacha Éireannacha agus Cheanadacha, ag ligean do na scannánóirí rochtain a fháil ar na tacaí airgeadais agus buntáistí éagsúla i ngach críoch.  Tugtar athruithe isteach leis freisin i dtaca leis na híosleibhéil ranníocaíochta airgeadais ó gach páirtí comhléiriúcháin agus na socruithe i ngeall leis an rannpháirtíocht cruthaitheach a éilítear ó gach críoch. Leis sin éascófar comhoibriú níos fearr fós idir na comhlachtaí léiriúcháin in Éirinn agus i gCeanada sa todhchaí.

Dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys:

“Is céim dhearfach eile chun tosaigh é an Conradh Comhléiriúcháin seo d’earnáil scannán agus teilifíse na hÉireann. Tá comhléiriúcháin ag éirí níos coitianta anois agus tá conarthaí ar nós an ceann seo an-tábhachtach chun léiriúcháin idirnáisiúnta scannán a chumasú. Tá traidisiún láidir comhléiriúcháin ag Éirinn agus Ceanada cheana. Le deich mbliana anuas, rinneadh níos mó ná 30 scannán agus dráma teilifíse a léiriú faoi Chonradh 1989.  Tá súil agam go n-eascróidh tuilleadh comhléiriúchán dár n-earnáil chlosamhairc as an gConradh nuashonraithe seo.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag James Hickey, POF Bhord Scannán na hÉireann:

“Cuireann Bord Scannán na hÉireann fearadh na fáilte roimh an gConradh Comhléiriúcháin seo le Ceanada.  Tá caidreamh an-láidir comhléiriúcháin scannán agus teilifíse ag Éirinn le Ceanada cheana féin.  Nuair a thagann an Conradh nua i bhfeidhm beidh deiseanna ann do fiú níos mó comhoibrithe idir an dá thír.  Is tráthúil é síniú an Chonartha nua. Ba chomhléiriúcháin faoin gConradh roimhe seo, a fuair tacaíocht ó Bhord Scannán na hÉireann agus Telefilm Canada, iad na scannáin ‘Brooklyn’ agus ‘Room’, a ainmníodh do na Gradaim Academy. Is comhléiriú le Ceanada freisin é an scannán nua beochana, ‘The Breadwinner’, ón stiúideo a ainmníodh do na Gradaim Academy, Cartoon Saloon. Táimid anois ag tnúth le leanúint le treisiú na gcaidreamh sin sa todhchaí faoin gConradh nua.”

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service