Scéim Nua TechSpace as Gaeilge fógartha ag an Aire Stáit Joe McHugh
Tá áthas ar an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., a fhógairt go bhfuil scéim nua bunaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun tacú le heagraíochtaí óige agus scoileanna atá ag bunú TechSpace as Gaeilge trealamh i gcomhair meán digiteach a cheannach.
Faoin scéim seo, beidh deontas uasta de €2,000 ar fáil d’iarratasóirí cáilithe chun trealamh i gcomhair meán digiteach a cheannach agus costais taistil agus chothabhála d’uasmhéid €300 chun freastal ar chúrsaí oiliúna Techspace as Gaeilge a chlúdach.
Is tionscadal de chuid Camara Ireland Teoranta é Techspace a fheidhmíonn mar ghréasán náisiúnta de spásanna meán digiteach in ionaid óige agus scoileanna chun cabhrú le daoine óga a bheith gníomhach i gcruthú ábhair dhigitigh agus theicneolaíochta. Cheadaigh an tAire Stáit deontas níos luaithe i mbliana chun ábhar oiliúna ar líne a aistriú go Gaeilge agus cúrsaí traenála a eagrú dóibh siúd a mbeadh suim acu TechSpace as Gaeilge a bhunú.
Ag fógairt na scéime nua seo, dúirt an tAire Stáit, “Tá lúcháir mhór orm go bhfuil an scéim nua seo bunaithe chun an tionscadal Techspace as Gaeilge a fhorbairt tuilleadh. Is tionscadal nuálach é seo a thacaíonn leis an Ghaeilge agus leis an teicneolaíocht araon. Tá sé tábhachtach gach spreagadh a thabhairt don aos óg a gcuid scileanna teicneolaíochta a fhorbairt oiread agus is féidir agus tá sé ríthábhachtach fosta go gcinnteoidh muid go bhfaighidh siad an deis é sin a dhéanamh trí Ghaeilge.”
Tá sé beartaithe ag Techspace as Gaeilge cúrsa eile a eagrú i mí na Samhna chun freastal ach go háirithe ar éileamh oiliúna ó Ghaelcholáistí agus meánscoileanna Gaeltachta chomh maith le coláistí samhraidh timpeall na tíre. Is féidir spéis a léiriú sa chúrsa seo trí ríomhphost a sheoladh chuig fiona.mcdonnell@techspace.ie.
Tá foirmeacha iarratais don scéim nua le fáil ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus glacfar le hiarratais ó scoileanna nó eagraíochtaí óige a bhfuil rannpháirtithe curtha acu ar chúrsa oiliúna TechSpace as Gaeilge. http://www.ahg.gov.ie/app/uploads/2015/10/foirm-iarratais-agus-coinniollacha-profail-deanta-ag-r-aistriuchain-ar-an-leagana-seo.docx
Is faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an tionscadal seo á mhaoiniú.
CRÍOCH