Cuireann Ó Ríordáin fáilte roimh mhéadú de €3 milliún ar mhaoiniú Chultúr Éireann le haghaidh 2016
Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit le freagracht as Cultúr Éireann sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Aodhán Ó Ríordáin TD, roimh Cháinaisnéis 2016, faoina mbronnfar €3m breise ar Chlár Comóraidh 2016 Chultúr Éireann agus ar Amharclann na Mainistreach an bhliain seo chugainn.
Agus é ag labhairt tar éis fhógra na Cáinaisnéise, dúirt an tAire Ó Ríordáin: “Tá mé thar a bheith sásta leis an méadú ar mhaoiniú atá fógartha ag mo chomhghleacaí, an tAire Brendan Howlin. Mar thoradh air seo, beidh a dhá oiread maoinithe ag Cultúr Éireann is a bhí in 2015.
“Cuirfidh an méadú seo ar chumas Chultúr Éireann leanúint lena shárobair maidir le tacú le healaíontóirí, agus tabharfaidh an maoiniú breise seo deis dúinn ealaíona agus cultúr na hÉireann a thabhairt thar sáile agus muid ag comóradh céad bliain ó Éirí Amach na Cásca. Cinnteoidh an maoiniú go gcuirfear ealaíona agus cultúr na hÉireann faoi bhráid lucht féachana níos fairsinge ar fud an domhain le linn na bliana tábhachtaí seo. Is iontach go deo an scéala é seo agus an Rialtas ag athdheimhniú a thiomantas maidir leis na healaíona agus an cultúr a chur i lár an aonaigh i gClár Comóraidh 1916, agus freisin maidir le léiriú go bhfuil na healaíona agus an cultúr lárnach inár dtéarnamh geilleagrach.
“Tar éis Chlár 2016 Chultúr Éireann, Mise Éire, a sheoladh le déanaí, is údar bróid dom go bhfuil maoiniú breise curtha ar fáil againn inniu a chuirfidh ar ár gcumas clár láidir d’ealaíona agus de chultúr na hÉireann a chur ar stáitse thar lear le linn na bliana tábhachtaí seo agus muid ag comóradh céad bliain ó Éirí Amach na Cásca.
“Leanfaidh Cultúr Éireann ag tacú le healaíona agus cultúr na hÉireann thar lear chun an clú domhanda as a bhfuilimid bródúil a chothú. Cinnteoidh maoiniú méadaithe an lae inniu go dtarlóidh sé sin ar bhonn níos treise.”
Críoch