Príomhgharraíodóir Buan
Tá Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ag lorg iarratais ó iarrthóirí atá cáilithe go cuí chun dul ag obair mar Phríomhgharraíodóir i bPáirc Náisiúnta Chill Airne.
Is post buan é seo ina mbeidh an t-iarrthóir a n-éiríonn leis nó léi i gceannas ar fhoireann a bheidh ag gabháil do bhainistiú agus cothabháil thimthriallach ghairdíní Pháirc Náisiúnta Chill Airne.
Is post lán-aimseartha é (39 n-uaire an chloig sa tseachtain), ina mbeifear ag obair cúig lá thar thréimhse seacht lá a bhféadfadh laethanta deireadh seachtaine agus laethanta saoire bainc a bheith san áireamh leo. D’fhéadfadh roinnt oibre luath ar maidin agus déanach sa tráthnóna a bheith i gceist.
Tosaíonn tuarastal Príomhgharraíodóra ag €820.77 in aghaidh na seachtaine roimh cháin. Féadfar an ráta luach saothair a shocrú ó am go ham de réir pholasaí pá an Rialtais.
Roghnófar ceapaithe trí agallamh iomaíoch. D'fhéadfadh sé tarlú freisin go gcuirfí painéal d'iarrthóirí oiriúnacha i dtoll a chéile dá dtiocfadh folúntais bhreise chun cinn amach anseo.
Le haghaidh foirm iarratais agus tuilleadh sonraí, cliceáil ar na naisc thíos.
Ní mór na hiarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig:
Lily McEvoy,
An Rannóg Acmhainní Daonna,
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta,
Seomra 307,
23 Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2.
Guthán: (01) 631 3982
Is é 3p.m. ar an Aoine, an 19 Lúnasa 2016 an spriocdháta le hiarratais a bheith faighte.
Ná seol Curriculum Vitae le do thoil.
NÍ GHLACFAR le Foirmeacha Iarratais a sheolfar ar facs.
Dícháileofar iarrthóir ar an toirt má dhéanann sé/sí canbhasáil agus d'fhéadfaí iarratais a chur ar ghearrliosta.
Is fostóir comhionannas deiseanna an Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.