Ordú Logainmneacha (Contae Cheatharlach)
Tá sé i gceist ag an gCoiste Logainmneacha comhairle a thabhairt don Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., ordú logainmneacha a dhéanamh chun leaganacha oifigiúla Gaeilge de logainmneacha Chontae Cheatharlach a dhearbhú.
Sula dtugann sé a chomhairle, is mian leis an gCoiste moltaí a fháil ón bpobal maidir leis an ordú atá molta, na leaganacha Gaeilge san áireamh. Chun deis a thabhairt an dréacht-ordú a scrúdú, tá dréacht den ordú atá beartaithe á fhoilsiú ag an gCoiste.
Is féidir teacht ar an dréacht-ordú ar láithreán gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus na Gaeltachta ag http://www.ahg.gov.ie/app/uploads/2015/07/an-tordu-logainmneacha-contae-cheatharlach-dreacht1.pdf agus ar láithreán gréasáin Bhunachar Logainmneacha na hÉireann ag http://www.logainm.ie/Orduithe.aspx.
Tá na leaganacha Gaeilge sa dréacht-ordú bunaithe ar obair an Bhrainse Logainmneacha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Scrúdófar na moltaí sula dtabharfar comhairle don Aire Stáit faoin ordú logainmneacha.
Ba cheart moltaí a sheoladh i bhfoirm aighneachtaí i scríbhinn chuig an mBrainse Logainmneacha, 43-49 Bóthar Mespil, Baile Átha Cliath 4 nó ar ríomhphost chuig logainmneacha@ahg.gov.ie tráth nach déanaí ná 22 Eanáir 2016.
Críoch