21/10/15
€17,360 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Chlub Judo agus Spóirt Uisce, Leitir Mealláin
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €17,360 ceadaithe aige do Chlub Judo Leitir Mealláin le haghaidh trealamh a cheannach do champaí farraige, a ritheann siad agus a bhfuil éileamh mhór orthu i measc an aos-óg.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit McHugh:
“Tá mé sásta an cúnamh seo a chur ar fáil don chlub seo sa dóigh is go mbeidh ar a gcumas leanúint leo ag soláthar ranganna agus forbairt a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí farraige don aos-óg trí mheán na Gaeilge.”
CRÍOCH