21/10/15
€3,980 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Pastime Chonamara, Co na Gaillimhe.
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €3,980 ceadaithe aige do Pastime Chonamara, Co. na Gaillimhe le haghaidh trealamh a cheannach.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit McHugh:
“Tá mé sásta an cúnamh seo a chur ar fáil do Pastime Chonamara sa dóigh is go mbeidh ar a gcumas leanúint leo ag soláthar ranganna ceardaíochta agus ag dul ó neart go neart amach anseo.”
CRÍOCH