21/10/15
€6,900 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Árainn Mhór Aontaithe, Co Dhún na nGall.
Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €6,900 ceadaithe aige do Árainn Mhór Aontaithe chun cabhrú leo lomaire féir a cheannach.
Ag fógairt an deontais dúirt an tAire McHugh go raibh sé ag cur an deontas seo ar fáil ar an gcoinníoll go gcuireann an cumann plean réadúil Gaeilge i bhfeidhm a bheas aontaithe leis an Roinn agus dírithe go háirithe ar bhaill óga an chumainn.
Críoch