Oibrí Ginearálta Tuaithe i bPáirc Náisiúnta Chonamara
Tá Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ag lorg iarrthóirí atá cáilithe go cuí le haghaidh post buan mar Oibrí Ginearálta Tuaithe i bPáirc Náisiúnta Chonamara.
San áireamh sna dualgais beidh cothabháil agus forbairt cosáin agus tailte sa pháirc.
Beidh an post lonnaithe i bPáirc Náisiúnta Chonamara, Leitir Fraic, Co. na Gaillimhe. Beidh ar an bhfoireann 39 n-uaire an chloig a oibriú sa tseachtain, sin cúig lá thar thréimhse seacht lá a bhféadfadh laethanta deireadh seachtaine agus laethanta saoire bainc a bheith san áireamh leo.
Tosaíonn tuarastal Oibrí Ginearálta Tuaithe (Banda 3) ag €501.48 in aghaidh na seachtaine roimh cháin. Féadfar an ráta luach saothair a shocrú ó am go ham de réir pholasaí pá an Rialtais.
Tá taithí a bheadh ábhartha don phost thuas, lena n-áirítear ceadúnas iomlán glan tiomána catagóir B, obair ghinearálta chothabhála agus úsáid innealra, riachtanach.
Roghnófar ceapaithe trí agallamh iomaíoch. D'fhéadfadh sé tarlú freisin go gcuirfí painéal d'iarrthóirí oiriúnacha i dtoll a chéile dá dtiocfadh folúntais bhreise chun cinn amach anseo.
Ní mór na hiarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig:
Dáire O’Callaghan
An Rannóg Acmhainní Daonna,
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta
23 Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath D02 TD30
Guthán: (01) 631 3982
Ná seol Curriculum Vitae le do thoil.
Is é 28 Deireadh Fómhair, 2016 spriocdháta le hiarratais a bheith faighte.
NÍ GHLACFAR le Foirmeacha Iarratais a sheolfar ar facs.
Dícháileofar iarrthóir ar an toirt má dhéanann sé/sí canbhasáil agus d'fhéadfaí iarratais a chur ar ghearrliosta.
Is fostóir comhionannas deiseanna an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.