23/09/15

Seacht gCrann do Sheachtar Sínitheoirí

Rinne an tAire Alan Kelly, T.D., an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus an tAire Heather Humphreys T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, i gcomhar le Comhairle Crann na hÉireann, tionscnamh nua a fhógairt inniu mar chuid d'Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain.  Seasfaidh na seacht nDair Ghaelacha, a bhronnfar ar na sráidbhailte, bailte agus cathracha go léir a bhfuil gradam na Sráidbhailte Slachtmhara buaite acu ó cuireadh tús leis an gcomórtas sa bhliain 1958, do sheachtar sínitheoirí an Fhorógra.  Is bronntanas é seo, ár gCrann Náisiúnta, do gach pobal agus beidh sé ina cheangal idir an am atá caite agus ár mianta don todhchaí.  Cuimsítear seacht snáithe sa chlár imeachtaí agus tionscnamh chun 1916 a chomóradh, lena n-áirítear Rannpháirtíocht an Phobail.  Tá coistí na mBailte Slachtmhara ar cheann de na samplaí is fearr de rannpháirtíocht saoránach lena bhfuil baint ag an earnáil phobail agus an earnáil dheonach ar fud na tíre.

Agus é ag labhairt ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta inniu, dúirt an tAire Kelly "Déantar na seacht grann darach a bhronnadh ar gach buaiteoir de chomórtas na mBailte Slachtmhara ó bhí 1958 ann mar aitheantas ar an méid atá déanta ag daoine áitiúla chun feabhas a chur ar a bpobail féin. Beidh siad seo ina meabhrúchán buan ar Éirí Amach 1916 agus ar sheachtar sínitheoirí an Fhorógra i ngach láthair.  Leis seo déantar ceiliúradh ar obair dheonach agus rannpháirtíocht phobail, ar ghnéithe ríthábhachtacha iad chun Comórtas na mBailte Slachtmhara a bhuachan.  Is ceannródaithe iad coistí na mBailte Slachtmhara ar fud na tíre le beagnach seasca bliain ó thaobh pobail chompordacha bheoga ghlasa a dhéanamh dá mbailte féin agus is cúis mhór áthais dom é bheith in ann aitheantas a thabhairt ar a gcuid oibre ag an nóiméad tábhachtach seo inár stair."

Chuir an tAire Humphreys lena chuid cainte: "Is mian linn go rachaidh Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain i gcion ar phobail ar fud na tíre, agus cé ab fhearr chun cuidiú linn ná líonra na mBailte Slachtmhara. Fágfar oidhreacht ar feadh na mblianta leis an tionscnamh cur crann seo i bpobail ar éirigh go maith leo i gcomórtas na mBailte Slachtmhara le 57 mbliana anuas. Seasfaidh na crainn do sheachtar sínitheoirí an Fhorógra, agus ag an am céanna tabharfar aitheantas leo ar an gcion mór ata déanta ag coistí na mBailte Slachtmhara ar son bailte agus sráidbhailte ar fud na tíre. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Kelly agus lena Roinn as a gcuid oibre ar an tionscadal seo."

Déanfaidh Aonad na mBailte Slachtmhara sa Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, chomh maith leis na hÚdaráis Áitiúla, teagmháil le gach buaiteoir gan mhoill chun socrúcháin a dhéanamh don chur crann.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service