Déanann an Stát comóradh ar chéad bliain ó adhlacadh Ó Donnabháin Rossa
Tionólfar an chéad ócáid chuimhneacháin Stáit mar chuid d'Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain
Is é Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, a bheidh i mbun an chéad chomóradh oifigiúil Stáit inniu (Dé Sathairn) i gcuimhne ar shochraid Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rossa i Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath.
Tá an ócáid, atá á cur i láthair ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D, ar an gcéad chomóradh foirmiúil Stáit atá á thionól mar chuid d'Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain.
Beidh an Taoiseach, Éanna Ó Cionnaith T.D., i láthair freisin. Dúirt sé:
"Ba phearsa iomráiteach i stair na hÉireann Diarmaid Ó Donnabháin Rossa. Fiú céad bliain i ndiaidh a bháis, samhlaítear a ainm i gcónaí leis na Finíní agus le Náisiúnachas na hÉireann. Ba é saoirse na tíre mian a chroí. Tá a shochraid ar cheann de na buaicphointí i stair na hÉireann agus bhí baint mhór ag an ócáid sin le múnlú thodhchaí ár náisiún."
Dúirt an tAire Humphreys:
“Is ionann an lá inniu is tús oifigiúil shearmanais Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, a thabharfaidh chomh fada muid le cuimhneachán Éirí Amach na Cásca 1916 an bhliain seo chugainn. Bhí sochraid Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rossa, a tharla anseo i Reilig Ghlas Naíon 100 bliain ó shin inniu, ina ócáid spreagtha sa tréimhse roimh Éirí Amach na Cásca. D'fhág an óráid cháiliúil a thug Pádraig Mac Piarais cois uaighe a lorg ar an dream a bhí i láthair agus ar dhaoine eile i bhfad ón reilig seo.
"Le linn na bliana seo atá le teacht, tionólfaimid níos mó ná 40 ócáid Stáit agus muid ag comóradh imeachtaí 1916, ag déanamh machnaimh ar an méid atá bainte amach againn le 100 bliain anuas, agus ag caitheamh súil uaillmhianach ar an todhchaí. Ba ócáid chinniúnach i stair na hÉireann sochraid Uí Dhonnabháin Rossa agus ní féidir gan aird a thabhairt ar an tionchar a bhí aici ar mheon agus ar mhianta na ndaoine a bhí i láthair. Is clár leathan imeachtaí Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain a bheidh bunaithe ar ócáidí cuimhneacháin a bheidh ómósach agus cuí chun an méid a thit amach 100 bliain ó shin, agus a raibh bunú an Stáit mar thoradh orthu, a thabhairt chun cuimhne."
Dúirt an tUasal John Green, Cathaoirleach Iontaobhas Ghlas Naíon,
"Is mór an onóir d'Iontaobhas Ghlas Naíon a bheith páirteach sa searmanas Stáit seo a dhéanann comóradh ar shochraid Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rossa agus sa chéad searmanas Stáit de chuid Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. Is iomaí sochraid cháiliúil a tharla sa 20ú hAois i Reilig Ghlas Naíon, Ó Gríofa, Ó Coileáin, de Valera, gan tráth ar dhaoine eile; é sin ráite, ba í sochraid Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rossa an ceann ba shuntasaí ar fad.
“Ba é Seán Ó Dubhuí a rinne maoirseacht ar an tsochraid thar ceann an teaghlaigh, agus ba é Tomás Ó Cléirigh a d'eagraigh gach uile ghné de. Bhí beagnach 100 duine ar an gcoiste eagrúcháin, le 13 fhochoiste faoina bhun sin. Bhí ionadaithe ann ó Óglaigh na hÉireann, Arm Cathartha na hÉireann, Fianna Éireann, Cumann na mBan, Cumann Wolfe Tone, Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann, Comhairle Ceardchumann Bhaile Átha Cliath, Cumann Foraoiseoirí Éireann.
“I measc na ndaoine a raibh baint acu leis an gcoiste bhí an dream ar fad a raibh ról suntasach acu san Éirí Amach, lena n-áirítear seachtar sínitheoirí an Fhorógra. Ba é Ó Cléirigh a roghnaigh Pádraig Mac Piarais, tar éis dó a bheith á réiteach i mBaile Uí Bhuadáin i 1913. Ba shárshaothar a óráid cois uaighe a spreag cuthach an ama a bhí caite agus a leag amach an cúram a bhí rompu."
Tá na sonraí iomlána faoi Chlár Cuimhneacháin an Stáit le fáil ar www.ireland.ie/state/
CRÍOCH
Nótaí do na hEagarthóirí:
Is ionann Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, atá faoi Stiúir an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., agus clár gníomhaíochta bliana d'fhonn imeachtaí Éirí Amach 1916 a chomóradh, machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach againn le 100 bliain anuas agus súil chun tosaigh a chaitheamh ar thodhchaí na hÉireann.
Cuimsítear seacht snáithe sa chlár: Searmanais Stáit; Machnamh ar an Stair; An Teanga Bheo; An Óige agus an tSamhlaíocht; Léiriú Cultúrtha; Rannpháirtíocht Phobail; Éireannaigh ar fud an Domhain agus an Diaspóra.
Bunaíodh Reilig Ghlas Naíon in 1832 faoi stiúir Dhónaill Uí Chonaill chun 'daoine den uile chreideamh agus gan creideamh ar bith' a adhlacadh. Tá 124 acra agus 1.5 milliún duine curtha inti. Tá tábhacht oidhreachta náisiúnta ag baint le Reilig Ghlas Naíon mar gheall ar an stair shóisialta agus stairiúil a bhaineann leis na daoine ón uile cheard atá curtha inti le os cionn 178 bliain.
Beathaisnéis Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rossa
Rugadh Diarmaid Ó Donnabháin Rossa i Ros Ó gCairbre, Contae Chorcaí, in 1831. In 1858, nuair a bhunaigh Séamas Mac Stiofáin Bráithreachas Phoblacht na hÉireann, bhí Rossa ar dhuine de na chéad bhaill.
Ó 1853 go 1865 bhí sé ina bhainisteoir gnó ar an nuachtán The Irish People.
Gabhadh Rossa i mí na Samhna 1865 agus cuireadh ar a thriail é as ardtréas. Fuarthas ciontach é agus gearradh téarma pianseirbhíse air don chuid eile dá shaol. Tar éis sé bliana, scaoileadh Rossa as an bpríosún ar an tuiscint go bhfágfadh sé Éire. Chuaigh sé chun na Stáit Aontaithe in éineacht le Seán Ó Dubhuí agus triúr deoraithe eile.
Fad a bhí sé i Meiriceá rinne sé eagarthóireacht ar an United Irishman agus d'fhoilsigh sé O'Donovan Rossa's Prison Life: Six Years in English Prisons (1874); athfhoilsíodh é in 1882 faoin teideal Irish Rebels in English Prisons. Foilsíodh Rossa’s Collections: 1838 to 1898 in 1898.
Fuair Diarmaid Ó Donnabháin Rossa bás i Staten Island, Nua-Eabhrac, ar an 29 Meitheamh 1915. Rinneadh ionramháil cheart ar a shochraid i Reilig Ghlas Naíon ar an 1 Lúnasa 1915 agus measadh go raibh óráid Phádraig Mhic Phiarais ag an uaigh gríosaitheach in aon turas. I measc na línte bhí: "the fools, the fools, the fools! — They have left us our Fenian dead, and while Ireland holds these graves, Ireland unfree shall never be at peace."
Eolas Cúlra ar shochraid Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rossa
Ag 2.25pm ar an Domhnach, 1 Lúnasa 1915, cuireadh cónra Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rossa ar mharbhchóiste a bhí á tharraingt ag ceithre chapall agus d'fhág sé Reilig Ghlas Naíon. Bhí Banna Naomh Séamas, agus baill Bhaile Átha Cliath d'Óglaigh na hÉireann agus a gcuid marcach, chun tosaigh ar an marbhchóiste. Bhí garda onóra d'iarshaighdiúirí ghluaiseacht na bhFiníní agus baill d'Óglaigh na hÉireann, d'Arm Cathartha na hÉireann agus d'Fhianna Éireann taobh leis an marbhchóiste. Bhí baintreach Rossa agus a iníon i gcaráiste ar chúl an mharbhchóiste i dteannta an Athar Micheál Ó Flanagáin a bheadh i mbun na seirbhíse.
Chas an tsochraid síos Sráid Sheoirse agus rinne a bealach chomh fada le Faiche Stiabhna, síos Sráid Dhásain go Faiche an Choláiste agus trasna na Life go dtí Cearnóg Parnell. As sin, chuaigh sí trasna chuig Bóthar Bhaile Phib agus lean ar aghaidh i dtreo Reilig Ghlas Naíon.
Measadh go raibh thart ar 5,000 duine ag leanúint an marbhchóiste agus thóg sé faoi bhun uair an chloig ar an tsochraid máirseáil thar aon phointe faoi leith. Measadh freisin go raibh thart ar a dheich oiread daoine ina seasamh ar na sráideanna agus an tsochraid ag dul thar bráid.
Ó tharla an tsochraid a bheith chomh mór, agus an t-achar chomh fada, ní aon iontas gur thóg sé os cionn trí uair an chloig geataí na reilige a shroicheadh ag 6pm. Bhí na mílte daoine bailithe ag na geataí ach ní raibh cead isteach ach ag an dream a raibh ticéad acu nó a fuair cead ón lucht eagraithe. Tugadh corp Rossa isteach chuig séipéal na marbh faoi scáth thúr Uí Chonaill agus dúradh paidreacha. Iompraíodh an cónra ansin an t-achar gearr chomh fada leis an uaigh. Rinne siad siúd a raibh cead isteach acu cearnóg timpeall ar an uaigh agus dúirt an tAthair Ó Flanagáin na paidreacha adhlactha i nGaeilge. Nuair a bhí sé críochnaithe, tháinig Pádraig Mac Piarais chun cinn chun an óráid adhlactha a thabhairt, óráid a d'fhágfadh a rian ar stair na hÉireann.
Nuair a chríochnaigh Mac Piarais d'fhan an slua ina dtost agus ansin thosaigh siad ag bualadh bos agus lig siad gáir mholta. Ansin, mar chomhartha eile dúshláin, tháinig an meitheal lámhaigh chun cinn agus chaith siad trí rois os cionn na huaighe, ansin séideadh an Ghairm Dheiridh.
Mheas mórán daoine ina dhiaidh sin gurbh iad sin na chéad urchair a scaoileadh in Éirí Amach na Cásca 1916 agus, mar a dheachtaigh Mac Piarais, bhí glúin nua tagtha chun cinn agus iad ar an eolas faoina sinsear ach iad diongbháilte lámh a bheith acu ina gcinniúint féin.