02/11/16

Supervalu TidyTowns – Midwest and South West Region Awards Ceremony

Bronnadh gradaim Bhailte Slachtmhara Supervalu do réigiún an Mheániarthair agus an Iardheiscirt inniu, Dé Máirt, 1 Samhain, ag searmanas bronnadh duaiseanna in Óstán Woodstock in Inis, Co. an Chláir. Bhronn an tUasal Michael Ring, an tAire um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach, agus Niall O'Callaghan, Bainisteoir Urraíochta agus Branda Pobail Supervalu, urraitheoirí bródúla an chomórtais, a ngradaim ar bhuaiteoirí Bhailte Slachtmhara Supervalu.  I dteannta an Aire ar an stáitse freisin bhí Siobhan King ó Fháilte Éireann.

Bhain Inis an teideal don Lárionad Uirbeach is Slachtmhaire in Éirinn agus choinnigh Lios Tuathail an teideal don Bhaile Beag is Slachtmhaire in Éirinn. Tá liosta iomlán de bhuaiteoirí an lae inniu faoi iamh. Ag labhairt ag searmanas na ngradam, dúirt an tAire Ring:  “Is iontach an rud é an deis a fháil tráthnóna inniu casadh le grúpaí na mBailte Slachtmhara ar fud an réigiúin seo.  Níl sna gradaim seo ach luach saothair beag as na hiarrachtaí a dhéanann mórán oibrithe deonacha atá mórtasach as a mbaile agus a oibríonn gan sos gan scíth chun áit níos fearr a dhéanamh de ar mhaithe leis na daoine atá ann anois agus ar mhaithe leis na glúine atá le teacht. Déanann a gcuid iarrachtaí ar mhaithe le daoine eile agus a bhflaithiúlacht difríocht mhór inár bpobail.  Aithnímid inniu freisin grúpaí na mBailte Slachtmhara eile nach bhfuil anseo inniu ach atá tiomanta dá bpobail a fheabhsú bliain i ndiaidh bliana ach nach bhfuil aitheantas foirmiúil faighte go fóill acu sa chomórtas seo.  Ní mór dom tagairt speisialta a dhéanamh d’Inis agus do Lios Tuathail, ar buaiteoirí náisiúnta iad; comhghairdeas leosan agus leis na buaiteoirí uile inniu.”

Ghabh an tAire buíochas freisin le príomhurraitheoir na mBailte Slachtmhara, SuperValu. “Tá baint ag SuperValu leis an gcomórtas seo le 25 bliana ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta agus chuidigh siad le fás agus forbairt an chomórtais agus léiríonn siad tiomantas dáiríre i gcónaí do thacú le pobail áitiúla. D’oibrigh siad go dlúth le hoifigigh na Roinne chun an rath atá ar an gcomórtas sa lá atá inniu ann a bhaint amach.”

Dúirt Niall O'Callaghan, Bainisteoir Urraíochta agus Branda Pobail Supervalu: “Ag SuperValu creidimid i gcothú pobail bheoga áitiúla agus tá comórtas Bhailte Slachtmhara Supervalu i gcroílár an bhrí de cad is pobal ann. Tá an dúthracht dhocreidte a léiríonn na hoibrithe deonacha le moladh agus cuireann sé iontas an domhain orainn bliain i ndiaidh bliana. Is é a dtiomantas síorleanúnach do bheith ag obair ar mhaithe lena bpobal áitiúil an rud a chinntíonn go bhfuil an oiread rath is atá ar an gcomórtas inniu. Mar phríomh-mhiondíoltóir pobail na hÉireann, le 222 siopa ar fud na hÉireann agus miondíoltóirí fite fuaite i bpobail ar fud na tíre, tá SuperValu thar a bheith bródúil as a bheith ina n-urraitheoirí ar chomórtas na mBailte Slachtmhara le 25 bliaina anuas, ceann de na tréimhsí urraíochta is faide in Éirinn. Tá lúcháir orm aitheantas a thabhairt do dhíograis choistí na mBailte Slachtmhara sa Mheániarthar agus san Iardheisceart atá ag croílár a bpobail áitiúla agus iad ag obair go dúthrachtach ar chúl an stáitse ar feadh na bliana chun feabhas a chur ar a gceantar.”

Tá an tsuim i gcomórtas Bhailte Slachtmhara Supervalu ag dul i dtreis le blianta beaga anuas agus chuir 859 pobal isteach ar an gcomórtas in 2016. Tá an comórtas ar siúl ó 1958 agus á eagrú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.  Tá sé ag fáil urraíocht ó SuperValu ó 1992.

Tá liosta na mbuaiteoirí do réigiún an Mheániarthair agus an Iardheiscirt thuas.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service