BAILTE SLACHTMHARA SUPERVALU – SEARMANAS BRONNTA RÉIGIÚN AN OIRDHEISCIRT
Bronnadh gradaim Bhailte Slachtmhara Supervalu do réigiún an Oirdheiscirt inniu, Déardaoin, an 3 Samhain, ag searmanas bronnadh duaiseanna in Óstán Lakeview i mBéal an Átha, Co. Thiobraid Árann. Bhronn an tUasal Michael Ring, an tAire um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach, agus Niall O'Callaghan, Bainisteoir Pobail agus Urraíochta Supervalu, urraitheoirí bródúla an chomórtais, a ngradaim ar bhuaiteoirí Bhailte Slachtmhara Supervalu. I dteannta an Aire ar an stáitse freisin bhí Hilary Creedon ó Fháilte Éireann.
Ainmníodh Cnocán an Éin Fhinn mar an Sráidbhaile is Slachtmhara in Éirinn. Tá liosta iomlán de bhuaiteoirí an lae inniu faoi iamh. Ag labhairt ag searmanas na ngradam, dúirt an tAire Ring: “Is iontach an rud é an deis a fháil tráthnóna inniu casadh le grúpaí na mBailte Slachtmhara ar fud an réigiúin seo. Níl sna gradaim seo ach luach saothair beag as na hiarrachtaí a dhéanann mórán oibrithe deonacha atá mórtasach as a mbaile agus a oibríonn gan sos gan scíth chun áit níos fearr a dhéanamh de ar mhaithe leis na daoine atá ann anois agus ar mhaithe leis na glúine atá le teacht. Déanann a gcuid iarrachtaí ar mhaithe le daoine eile agus a bhflaithiúlacht difríocht mhór inár bpobail. Aithnímid inniu freisin grúpaí na mBailte Slachtmhara eile nach bhfuil anseo inniu ach atá tiomanta dá bpobail a fheabhsú bliain i ndiaidh bliana ach nach bhfuil aitheantas foirmiúil faighte go fóill acu sa chomórtas seo. Ní mór dom tagairt speisialta a dhéanamh do Chnocán an Éin Fhinn; comhghairdeas leosan agus leis na buaiteoirí uile inniu.”
Ghabh an tAire buíochas freisin le príomhurraitheoir na mBailte Slachtmhara, SuperValu. “Tá baint ag SuperValu leis an gcomórtas seo le 25 bliana ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta agus chuidigh siad le fás agus forbairt an chomórtais agus léiríonn siad tiomantas dáiríre i gcónaí do thacú le pobail áitiúla. D’oibrigh siad go dlúth le hoifigigh na Roinne chun an rath atá ar an gcomórtas sa lá atá inniu ann a bhaint amach.”
Dúirt Niall O'Callaghan, Bainisteoir Pobail agus Urraíochta Supervalu: “Ag SuperValu creidimid i gcothú pobail bheoga áitiúla agus tá comórtas Bhailte Slachtmhara Supervalu i gcroílár an bhrí de cad is pobal ann. Tá an dúthracht dhochreidte a léiríonn na hoibrithe deonacha le moladh agus cuireann sé iontas an domhain orainn bliain i ndiaidh bliana. Is é a dtiomantas síorleanúnach do bheith ag obair ar mhaithe lena bpobal áitiúil an rud a chinntíonn go bhfuil an oiread rath is atá ar an gcomórtas inniu. Mar phríomh-mhiondíoltóir pobail na hÉireann, le 222 siopa ar fud na hÉireann agus miondíoltóirí fite fuaite i bpobail ar fud na tíre, tá SuperValu thar a bheith bródúil as a bheith ina n-urraitheoirí ar chomórtas na mBailte Slachtmhara le 25 bliana anuas, ceann de na tréimhsí urraíochta is faide in Éirinn. Tá lúcháir orm aitheantas a thabhairt do dhíocas choistí na mBailte Slachtmhara i réigiún an Oirdheiscirt, coistí atá i gcroílár a bpobail áitiúla agus a oibríonn go dian sa chúlra ar feadh na bliana lena gceantair a fheabhsú.”
Tá an tsuim i gcomórtas Bhailte Slachtmhara Supervalu ag dul i dtreis le blianta beaga anuas agus chuir 859 pobal isteach ar an gcomórtas in 2016. Tá an comórtas ar siúl ó 1958 agus á eagrú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá sé ag fáil urraíocht ó SuperValu ó 1992.
Tá liosta na mbuaiteoirí do réigiún an Oirdheiscirt faoi iamh.
CRÍOCH
Bailte Slachtmhara SuperValu – An Sráidbhaile is Slachtmhara in Éirinn - Buaiteoir Iomlán
Urraithe ag SuperValu
| Faighteoir | Contae | Gradam |
| Cnocán an Éin Fhinn | Tiobraid Árann | Buaiteoir Náisiúnta |
Bailte Slachtmhara SuperValu – Réigiún an Oirdheiscirt - Buaiteoir Réigiúnach
Urraithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta
| Faighteoir | Contae | Gradam |
| Cnocán an Éin Fhinn | Tiobraid Árann | Buaiteoir Réigiúnach |
Bailte Slachtmhara SuperValu – Réigiún an Oirdheiscirt - Buaiteoirí Boinn i nGradaim Náisiúnta Uarraithe ag SuperValu
| Faighteoir | Contae | Gradam |
| Cnocán an Éin Fhinn | Tiobraid Árann | Bonn Óir |
| Cluain na nGall | Ceatharlach | Bonn Óir |
| Cluain Meala | Tiobraid Árann | Bonn Óir |
| Imleach | Tiobraid Árann | Bonn Óir |
| Cill Chainnigh | Cill Chainnigh | Bonn Óir |
| Leithghlinn an Droichid | Ceatharlach | Bonn Óir |
| An Lios Mór | Port Láirge | Bonn Óir |
| Tír Dhá Ghlas | Tiobraid Árann | Bonn Óir |
| Aird Mhór | Port Láirge | Bonn Airgid |
| Ceatharlach | Ceatharlach | Bonn Airgid |
| Dún Garbhán | Port Láirge | Bonn Airgid |
| Inis Tíog | Cill Chainnigh | Bonn Airgid |
| Cill Síoláin | Tiobraid Árann | Bonn Airgid |
| Béal Átha Gabhann | Tiobraid Árann | Bonn Airgid |
| An tSráidbhaile | Port Láirge | Bonn Airgid |
| Tulchacht | Cill Chainnigh | Bonn Airgid |
| Cathair Phort Láirge | Port Láirge | Bonn Airgid |
| Loch Garman | Loch Garman | Bonn Airgid |
| Baile Mhac Cairbre | Port Láirge | Bonn Cré-Umha |
| Inis Córthaidh | Loch Garman | Bonn Cré-Umha |
| An tAonach | Tiobraid Árann | Bonn Cré-Umha |
| Ros Cré | Tiobraid Árann | Bonn Cré-Umha |
| Ros Láir | Loch Garman | Bonn Cré-Umha |
| Trá Mhór | Port Láirge | Bonn Cré-Umha |
Bailte Slachtmhara SuperValu – Réigiún an Oirdheiscirt - Gradaim Chontae
Urraithe ag SuperValu
| Faighteoir | Contae | Gradam |
| Cluain na nGall | Ceatharlach | Buaiteoir an Chontae |
| Leithghlinn an Droichid | Ceatharlach | Ardmholadh Faighte |
| Cluain Mhór | Ceatharlach | Molta |
| Fionnmhach | Ceatharlach | Sáriarracht * |
| Cill Chainnigh | Cill Chainnigh | Buaiteoir an Chontae |
| Inis Tíog | Cill Chainnigh | Ardmholadh Faighte |
| Tulchacht | Cill Chainnigh | Molta |
| Bearna na Gaoithe | Cill Chainnigh | Sáriarracht * |
| Cnocán an Éin Fhinn | Tiobraid Árann (Thuaidh) | Buaiteoir an Chontae |
| Tír Dhá Ghlas | Tiobraid Árann (Thuaidh) | Ardmholadh Faighte |
| Béal Átha Gabhann | Tiobraid Árann (Thuaidh) | Molta |
| Baile an Iúir | Tiobraid Árann (Thuaidh) | Sáriarracht * |
| Imleach | Tiobraid Árann (Theas) | Buaiteoir an Chontae |
| Cluain Meala | Tiobraid Árann (Theas) | Ardmholadh Faighte |
| Cill Síoláin | Tiobraid Árann (Theas) | Molta |
| Faiche Ró | Tiobraid Árann (Theas) | Sáriarracht * |
| An Lios Mór | Port Láirge | Buaiteoir an Chontae |
| Aird Mhór | Port Láirge | Ardmholadh Faighte |
| An tSráidbhaile | Port Láirge | Molta |
| Coill Mhic Thomáisín | Port Láirge | Sáriarracht * |
| Baile Uí Chonnmhaí | Loch Garman | Buaiteoir an Chontae |
| An Abhainn Dubh | Loch Garman | Ardmholadh Faighte |
| Ros Láir | Loch Garman | Molta |
| Baile an Droichid | Loch Garman | Sáriarracht * |
* Is iad buaiteoirí Ghradam na Sáriarrachta iad siúd ar éirigh leo an scóir feabhais is airde a fháil in 2015
Bailte Slachtmhara SuperValu – Réigiún an Oirdheiscirt - Gradaim Speisialta
| Faighteoir | Contae | Urraitheoir & Gradam |
| Baile Uí Chonnmhaí | Loch Garman | Comhbhuaiteoir Ghradam Óige SuperValu an Oirdheiscirt |
| Trá Mhór | Port Láirge | Comhbhuaiteoir Ghradam Óige SuperValu an Oirdheiscirt |
| Cloch Shiurdáin | Tiobraid Árann | Gradam Let’s Get Buzzing – urraithe ag Údaráis Áitiúla |
| Cluain Meala | Tiobraid Árann | Gradam Let’s Get Buzzing – urraithe ag Údaráis Áitiúla |
| Imleach | Tiobraid Árann | Gradam Aeir Ghlan – Buaiteoir Náisiúnta, urraithe ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil |
| Fearna | Loch Garman | Gradam Uisce Éireann |
| Loch Garman | Loch Garman | Tascfhórsa Guma - Gradam Náisiúnta |
| Loch Garman | Loch Garman | Tascfhórsa Guma - Baile Mór & Lárionad Uirbeach |
| Baile Uí Chonnmhaí | Loch Garman | Tascfhórsa Guma - Sráidbhaile agus Baile Beag |