Maoiniú á fhógairt ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Aodhán Ó Ríordáin TD, inniu do Chlár Cultúir Idirnáisiúnta Chultúr Éireann mar chuid d'Éire 2016
Tá clár cultúir idirnáisiúnta Chultúr Éireann, Mise Éire, mar chuid d'Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, fógartha inniu Dé Sathairn an 3ú Deireadh Fómhair ag an Aire Stáit Ó Ríordáin ag ócáid in Amharclann Scabhat Smock, Baile Átha Cliath. Tabharfaidh Mise Éire deis d'ealaíontóirí agus compántais na hÉireann a saothar a chur ar taispeáint ar fud an domhain. Is ceiliúradh atá sa chlár - ar príomhchuid é de shnáithe an Domhain agus an Diaspóra de chuid Éire 2016 - trí na healaíona comhaimseartha a dhéanann machnamh freisin ar aistear cultúrtha na hÉireann le céad bliain anuas. Léiríonn Mise Éire lárnacht na n-ealaíon d'fhéiniúlacht na hÉireann agus aithníonn sé an ról lárnach atá ag ealaíontóirí sa lá atá inniu ann, mar a bhí acu le linn Éirí Amach 1916. Léireoidh sé neart earnáil chruthaitheach na hÉireann agus treiseoidh sé an cháil idirnáisiúnta atá ar an tír seo as a sárchumas ealaíonta agus nuálaíochta.
Le tacaíocht de bhreis is €2 mhilliún, beidh camchuairteanna, taibhléirithe agus taispeántais mhóra le healaíontóirí na hÉireann ar bun ar feadh na bliana i bpríomhchríocha lárnacha amhail na Stáit Aontaithe, Sasana, Ceanada, an Astráil, agus béim faoi leith ar dhátaí tábhachtacha cultúrtha ar nós Lá Fhéile Pádraig agus Bloomsday agus dátaí atá ábhartha ó thaobh na staire de. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun mar chuid de chlár Mise Éire beidh Séasúr Scannán Éireannach Chomóradh 2016 i bpictiúrlanna ar fud Londain, agus Corn Exhange ar camchuairt sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe le A Girl is a Half Formed Thing le Eimear McBride, agus é curtha in oiriúint don stáitse ag Annie Ryan. Cuirfear leagan nua ceoldrámata de shaothar James Joyce The Dead, á léiriú ag The Performance Corporation, ar stáitse ag féilte i gCeanada, rachaidh Cór Aireagail Óige na hÉireann i gcomhpháirtíocht leis an Canadian National Youth Choir, cuirfidh Gailearaí na hEolaíochta, Baile Átha Cliath, an taispeántas Blood – Not for the Faint-Hearted ar bun in Melbourne, agus cuirfear The Last Hotel, le Landmark Productions/Wide Open Opera, ceoldráma nua le Enda Walsh & Donnacha Dennehy, ar stáitse ag St. Ann’s Warehouse, Brooklyn, Nua-Eabhrac. Rachaidh clár coimeádta de scríbhneoirí na hÉireann ar camchuairt chuig féilte agus ionaid sna Stáit Aontaithe agus beidh Macnas i láthair ag an 2016 South by Southwest Festival, Austin, Texas. I measc na dtaispeántas aonair d'ealaíontóirí na hÉireann a bheidh ar camchuairt beidh James L Hayes sna Stáit Aontaithe agus Daphne Wright agus Dennis McNulty sa Ríocht Aontaithe.
Dúirt an tAire Stáit Ó Ríordáin "Tá clú ar Éirinn ar fud an domhan mar gheall ar ár n-ealaíontóirí agus a gcumas. Is iomaí saoi a chuir fúthu in Éirinn agus a bhfuil cáil ar fud an domhain ar a saothar agus i gcomhair 2016 tá Rialtas na hÉireann tiomanta do chlár speisialta a roinnfidh na seoda a chruthaigh ár n-ealaíontóirí le daoine ar fud an domhain. Agus muid ag comóradh céad bliain ón am suntasacha seo i stair na hÉireann, tá an-áthas orm go bhfuil cur chun cinn ár n-ealaíontóirí thar lear, trí Chultúr Éireann, chomh lárnach seo i gclár Éire 2016." Is tráthúil go bhfuil fógra an chláir do Mise Éire ag tarlú agus Cultúr Éireann ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód. Le linn na mblianta sin tá tacaíocht tugtha ag Cultúr Éireann do bhreis is 4,000 tionscadal le cur ar taispeáint in os cionn 100 tír a bhí le feiceáil ag os cionn 20 milliún duine.
Cinntíonn an tacaíocht agus na hardáin a chuireann Cultúr Éireann ar fáil gur féidir le healaíontóirí na hÉireann leanúint orthu ag cur a saothar i láthair pobail ar fud an domhain. Cuireann Éire 2016 deis speisialta ar fáil tuilleadh daoine a chur ar an eolas go hidirnáisiúnta faoin tír seo mar áit lán cruthaitheacht agus sárchumas ealaíonta agus is deis í freisin chun éachtaí domhanda na hÉireann a cheiliúradh.
Críoch