03/10/13

03/10/2013 : Implicated – taispeántas ilmheán atá á choimeád ag Emily Bruton agus Jill French – á sheoladh i nGailearaí MART, Ráth Maonais

Déardaoin, 3 Deireadh Fómhair 2013 – Beidh Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, i nGailearaí MART i Ráth Maonais ag 6pm tráthnóna inniu chun Implicated, taispeántas ilmheán atá bunaithe ar an ealaíontóir, a sheoladh.

Tá an taispeántas á eagrú ag an Implicate Collaborative, grúpa de sheachtar ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn. Is céimithe MA sa Mhínealaín mórchuid acu siúd. Tá sé i gceist ag an taispeántas scrúdú a dhéanamh ar  theorainneacha na príobháideachta agus na rialacha sóisialta a rialaíonn iad: fiafraíonn an seachtar ealaíontóirí cén uair is féidir na teorainneacha a leagann síos, a thástáil agus a nochtadh agus cad iad na himpleachtaí atá ag na teorainneacha seo ar an t-sícé chultúrtha mar atá faoi láthair.

Ag caint roimh an oscailt, dúirt an tAire Deenihan, “Baineann téama an taispeántais seo leis an saol comhaimseartha agus cuireann na healaíontóirí ceisteanna fíorshuimiúla ar fad. Tá ról ríthábhachtach ag na healaíona agus ag ealaíontóirí na hÉireann i bhforbairt sochaí nuálach agus chruthaitheach.”

Bhunaigh céimithe an Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Jill French agus Emily Bruton, an Implicate Collaborative a chuimsíonn na healaíontóirí Éireannacha Fiona Chambers, Jennifer Cunningham agus Tim Acheson chomh maith leis an ealaíontóir Briotanach Billy Ward agus an t-ealaíontóir Astrálach, atá bunaithe i Londain, Lauren Brown. Tá urraíocht faighte ag an ngrúpa ó An Post agus ón tionscnamh Business to Arts Fund It.

Tá an taispeántas, atá ar siúl ó Déardaoin 4 Deireadh Fómhair go dtí Dé Domhnaigh 20 Deireadh Fómhair, á óstáil ag MART, eagraíocht amharcealaíon atá lonnaithe i stáisiún dóiteáin athchóirithe ar Bhóthar Ráth Manaois Íochtarach.

CRÍOCH

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, 23 Kildare Street, Dublin , D02 TD30. Tel: 01 631 3800 / LoCall: 1890 383 000

Web Design & Development by Fusio

Vision One Civil Service