09/09/13

09/09/2013 : Cuireann an tAire Deenihan comhbhrón in iúl ar bhás Susan Fitzgerald.

Dé Luain, 9ú Meán Fómhair 2013 Cuireann Jimmy Deenihan TD, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, a chomhbhrón in iúl ar bhás an aisteora cáiliúla Susan Fitzgerald.

“Is í Susan móraisteoir mná stáitse a linne agus cion mór ag lucht féachana amharclainne uirthi. Bhí príomhpháirteanna ag Susan i ndrámaí de chuid scríbhneoirí Éireannacha agus scríbhneoirí eachtrannacha in Amharclann an Gheata. Ní ar an stáitse amháin, áfach, a bhí a buanna le feiceáil. I measc na hoibre teilifíse a rinne sí, bhí Fair City, Rebel Heart agus Bachelor’s Walk. Leis an staidiúlacht nach bhfuil ach ag an té a bhfuil bua go smior iontu, bhí an cumas inti dul ón ngeandrámaíocht go dtí drámaí comhaimseartha agus leis an éascaíocht chéanna go dtí an teilifís agus scannáin.

“Léirigh sí cineáltas faoi leith le haisteoirí óga a bhí ag teacht chun cinn agus chabhraigh sí leo. Is iomaí uair a cheansaigh sí néaróga céad oícheanta lena cuideachta ghrástúil. Déanaim comhbhrón inniu le Michael Colgan agus a gclann Sarah, Sophie agus Richard, lena garleanbh, le daoine muinteartha agus leis an bpobal aisteoireachta.

“Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis.”

CRÍOCH.

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, 23 Kildare Street, Dublin , D02 TD30. Tel: 01 631 3800 / LoCall: 1890 383 000

Web Design & Development by Fusio

Vision One Civil Service